Na Céadta Dubha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Na Céadta Dubha

Sonraí
CineálGluaiseacht pholaitiúil agus terrorist group (en) Aistrigh
Foirgníocht1905 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte1917 Cuir in eagar ar Wikidata
Grianghraf ón iris "Illustrated London News" a foilsíodh sa bhliain 1905. Lucht tacaíochta na gCéadta Dubha ag máirseáil in Odessa go gairid tar éis fhoilsiú "An Forógra Dheireadh Fómhair".

Na Céadta Dubha (Rúisis: Чёрная сотня, Čërnaja sotnja, Chornaya sotnya; черносотенцы, černosotency, chernosotentsy) a thugtaí ar radacaigh na heite deise sa Rúis i dtús na fichiú haoise. Bhí na Céadta Dubha go tréan ar son na hImpireachta agus an Impire, agus iad ag cur in aghaidh gach iarracht le daonlathas nó bunreachtúlacht a thabhairt isteach sa Rúis. Tá roinnt de na scoláirí inbharúla gur sórt réamh-Fhaisisteachais ab ea idé-eolaíocht na gCéadta Dubha. Bhí na Céadta Dubha an-naimhdeach i dtaobh na nGiúdach, cosúil leis na náisiúnaithe Rúiseacha go léir. Thairis sin ní raibh tuiscint ar bith acu do na hÚcránaigh ná do na mionlaigh eitneacha eile sa Rúis a bhí ag féachaint le cead úsáide a bhaint amach dá dteanga dhúchais.

Fochultúr iomlán eagraíochtaí ab ea Na Céadta Dubha. Bhí cumainn éagsúla ann agus baint acu leis na Céadta Dubha, cosúil leis na cinn seo leanas:

  • Союз русского народа nó "Aontas Mhuintir na Rúise" i gCathair Pheadair
  • Союз русских людей nó "Aontas na Rúiseach" ("Aontas na nDaoine Rúiseacha" le bheith beacht) i Moscó
  • Русская монархическая партия nó "Páirtí Monarcach na Rúise" i Moscó agus in áiteanna eile
  • Общество активной борьбы с революцией nó "Cumann an Chatha Ghníomhaigh in aghaidh na Réabhlóide"
  • Белый двуглавый орёл nó "Iolar Bán an Dá Chloigeann" in Odessa

Níl anseo ach cuid de na heagraíochtaí a bhí bainteach le fochultúr na gCéadta Dubha.


Tháinig lucht leanúna na gCéadta Dubha as aicmí éagsúla, nó bhí idir uaisle, bhuirgéisigh, shagairt Ortadocsacha agus, fiú, lucht oibre ann. Ba iad na huaisle a bhí ag stiúradh na gluaiseachta, agus iad ag fáil tacaíochta ón Impire féin. Bhí an ghluaiseacht ag déanamh bolscaireachta agus ag gríosú, abair, in aghaidh na nGiúdach, agus bhí eagraíocht armtha aici ar a dtugtaí "na Léinte Buí". Ba mhinic a bhí na Léinte Buí anuas orthu siúd a raibh meas an namhad ag na Céadta Dubha orthu, agus rinne siad gníomhartha sceimhlitheoireachta leis na naimhde seo a imeaglú. Dhúnmharaigh siad, mar shampla, beirt pholaiteoir ó Pháirtí na nDaonlathach Bunreachtúil, an páirtí liobrálach, Grigorii Iollos agus Mikhail Herzenstein, agus ina dhiaidh sin bhí iris na gCéadta Dubha ag déanamh gaisce as an ainghníomh seo go hoscailte.

I ndiaidh na Réabhlóide chuaigh cuid mhór de na Céadta Dubha ar imirce le teacht slán ó dhíoltas na mBoilséiveach. Bhí siad ag lochtú an chuid eile de na heisimircigh Rúiseacha eile as a bheith róchairdiúil le smaointeoireacht dhaonlathach nó liobrálach, agus ar ndóigh níor tháinig deireadh leis an mbolscaireacht fhrith-Ghiúdach thar lear ach an oiread. Sampla de seo ab ea Boris Brasol, a d'éirigh mór le Henry Ford: chabhraigh Brasol le Ford an leabhar úd The International Jew a dhréachtú agus a fhoilsiú. Bhí baint ag na Céadta Dubha le teacht an Naitsíochais chomh maith. Mar shampla, bhí tuismitheoirí Pyotr Shabelsky-Bork ina ngníomhaithe sna Céadta Dubha, agus ba é Shabelsky-Bork a mharaigh athair Vladimir Nabokov. Polaiteoir liobrálach Rúiseach ab ea sean-Nabokov a chuaigh ar imirce go Beirlín, agus fuath na ndaol ag na Céadta Dubha air. Níor gearradh ach pionós gearr do Shabelsky-Bork as an dúnmharú, agus i ndiaidh dó cead a chos a fháil arís bhí sé ag comhoibriú le hAlfred Rosenberg, príomh-idé-eolaí na Naitsithe.