München
München | |||||
---|---|---|---|---|---|
|
|||||
Aintiún | Solang der alte Peter | ||||
Mana | «Weltstadt mit Herz» «München mag Dich» | ||||
Ainmnithe in ómós | manach | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Ghearmáin | ||||
Stát sa Ghearmáin | An Bhaváir | ||||
Regierungsbezirk | an Bhaváir Uachtarach | ||||
Príomhchathair de | |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 1,510,378 (2023) | ||||
• Dlús | 4,861.05 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 310.71 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Isar, Isar-Werkkanal (en) , Würm, Eisbach (en) , Auer Mühlbach (en) , Kleinhesseloher See (en) , Dreiseenplatte (en) , Kleine Isar (en) , Nymphenburg Canal (en) agus Schwabinger Bach (en) | ||||
Airde | 519 m | ||||
Ar theorainn le | Gräfelfing Putzbrunn Haar Feldkirchen Unterhaching Pullach Grünwald Neuried Planegg Aschheim Ismaning Unterföhring Neubiberg Garching bei München Oberschleißheim Munich (en) (1880–) Dachau (en) (1938–) Fürstenfeldbruck (en) (1942–) | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1158 | ||||
Eachtra thábhachtach | |||||
Éarlamh | Benno von Meißen | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
• Lord mayor of Munich (en) | Dieter Reiter (2014–) | ||||
Eacnamaíocht | |||||
Buiséad | 8,869,571,100 € (2023) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 80331–81929 agus 85540 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 089 | ||||
Cód NUTS | DE212 | ||||
German regional key (en) | 091620000000 | ||||
German municipality key (en) | 09162000 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | muenchen.de | ||||
Is í München (Minga i gcanúint na Baváire, Munich as Béarla) príomhchathair na Baváire, an ceann is faide ó dheas de stáit fheidearálacha na Gearmáine. Tá an chathair suite cois abhann an Isar, ar craobhacha í de chuid na Danóibe.
Tá tuairim is 1.35 milliún duine ina gcónaí i München, agus dá bharr sin, is í München an tríú cathair is mó sa Ghearmáin, tar éis Bheirlín agus Hamburg. Tá München suite 50 ciliméadar ó na hAlpa Baváracha sa Bhaváir Uachtarach, 520 méadar os cionn leibhéal na farraige.
Ailtireacht agus Bonneagar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é Marienplatz príomhchearnóg na cathrach. Is ann atá an foirgneamh cáiliúil, an Neues Rathaus (an Halla Baile Nua). Tá an Sean-Halla Baile (Altes Rathaus) ina sheasamh in aice leis. Tá trí gheata cathrach inniu ann, an Sendlinger Tor, an Isartor, agus an Karlstor in aice leis an gcearnóg mhór Karlsplatz (nó Stachus, mar a thugann muintir na háite uirthi). Tá Pálás Nymphenburg ar cheann de na seanfhoirgnimh is mó a tharraingíonn cuairteoirí go München, agus tá sé ar cheann de pháláis mhóra ríoga na hEorpa. Tá sé suite in iarthar na cathrach, i gceantar Neuhausen-Nymphenburg. Ba é an Prionsa Toghthóra (Kurfürst) Ferdinand Maria a thóg an pálás sa bhliain 1664, agus bhí sé ceaptha mar bhronntanas dá bhean chéile Adelheid, toisc go raibh sí díreach tar éis oidhre a bhreith dó.
Iompar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chomh maith le tramanna agus busanna ar fud na cathrach, tá córas traenach ann, ar a dtugtar an "S-Bahn". Is é "Stadtbahn" is ciall leis an ngiorrúchán seo - "iarnród na cathrach". Téann an S-Bahn amach chuig na bruachbhailte, chomh maith le córas traenach faoi thalamh le sé líne, an "U-Bahn". Is é príomhstáisiún traenach München (nó an Hauptbahnhof) an dara stáisiún is mó sa Ghearmáin, tar éis stáisiún Frankfurt.
Tá aerfort mór ag an gcathair freisin, agus eitiltí ar fud an domhain ar fáil ann.
Bhí tuairt eitleáin i Flughafen München-Riem ar 6 Feabhra 1958; maraíodh cuid na foirne sacair Manchester United Football Club.
Spórt
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is as München don chlub sacair FC Bayern München. Imríonn siad a gcuid cluichí san Allianz Arena. Imríodh cuid de na cluichí i gCorn an Domhain san Arena sa bhliain 2006.
Bhí na Cluichí Oilimpeacha ar siúl sa chathair sa bhliain 1972.[1][2] Ar an 5/7 Meán Fómhair 1972, maraíodh 11 ó Iosrael ag na Cluichí Oilimpeacha. Fuair cúigear de chuid Black September agus póilín Gearmánach bás freisin.
Is áit tharraingteach do thurasóirí é an sráidbhaile Oilimpeach, an Olympiagelände nó an Olympiapark.
Naisc Sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Suíomh gréasáin oifigiúil thurasóireachta München
- Suíomh gréasáin oifigiúil thurasóireachta na Baváire
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Mártan Ó Ciardha (1972). "I gcuideachta mo sheanchara Joe Sheáinín Ó Tuairisg a chonaic mé rás ‘fear an hata’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-09-06.
- ↑ "An lá eile a fuair mé amach go raibh duine de na comharsana ina lúthchleasaí Oilimpeach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-09-06.