Muircheartach Ua Briain
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1050 (Féilire Ghréagóra) |
Bás | 10 Márta 1119 (Féilire Ghréagóra) 68/69 bliana d'aois Lios Mór |
Rí na Mumhan | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Caitliceachas |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Tréimhse ama | Glúin an 12ú aois agus glúin an 11ú aois |
Eile | |
Teideal uasal | Ardrí na hÉireann |
Teaghlach | Uí Bhriain |
Páiste | Bjaðmunjo Mýrjartaksdóttir, Lafracoth Ní Bhriain, Domnall Gerrlámhach, Mahon O'Brien, Prince of Corkobaskin (en) |
Athair | Toirdhealbhach Ua Briain agus Dearbforgail, of Ossory (en) |
Ba é Ardrí na hÉireann, go bhfreasúra, (ó 1101 go dtí 1118) é Muirchertach Mac Toirdelbach Mór Ua Briain (c. 1050 – c. 10 Márta 1119).[1]
Mac le Toirdhealbhach Ua Briain (Ard-Rí na hÉireann ó 1055 go 1086 agus garmhac Brian Bóirmhe) ab ea Muircheartach. Ó ríshliocht Dál gCais a bhí sé, agus rugadh é in aice le gCill Dá Lua i gContae an Chláir. Ghabh sé ríocht Áth Cliath sa bhliain 1075 i rith ard-ríocht a hathar. Fuair Toirdhealbhach bás sa bhliain 1086 agus roinntear Mumhan i trí chuid idir Muircheartach, Tadhc agus Diarmaid, a thrí mhic. Fuair Tadhc bás go luath, áfach, agus dhíbir Muircheartach Diarmaid as an cúige chun cumhacht a ghlacadh dó féin.
Chuaigh Muircheartach ar ruathar go Mide agus Laighean sa bhliain 1089 agus ghlac sé ríochta Laighean agus Áth Cliath. Sa bhliain 1093, ghéill a dheartháir Diarmaid dó i gCaiseal, agus ghéill Domhnaill mac Flainn Ua Maíl Shechnaill, rí Uí Néill Teamhrach freisin.
Insíonn Annála Inis Faithleann faoi "cogadh mór" a tharla idir Muircheartach agus ríthe Leath Cuinn le tacaíocht Gofraid, rí Lochlannaigh Átha Cliath. Chuaigh Muircheartach ar mórshiúil chuig Baile Átha Cliath. Dhíbir sé Gofraid as an gcathair agus mharaigh sé Domhnaill mac Flainn Ua Maíl Shechnaill.
Sa bhliain 1101, ghlac sé ardríocht na hÉireann agus chuaigh sé ar "turas an rí" timpeall na cúigí chun géilleadh na ríthe ruireach a dhaingniú. Bhí tionóil mór ag Muircheartach inar bhronnaigh sé dún Caiseal don Eaglais. An bhliain ina dhiaidh sin, rinne sé comhaontas le Magnus III an tIorua de bharr pósadh Sigurd mac Magnus leis a hiníon.
D'éirigh Muircheartach tinn sa bhliain 1114 agus ghabh Diarmaid ríocht Mumhan ó Muircheartach. Dhíbir sé as cathair Luimnigh é agus thóg sé níos mó ná bliain go dtí go raibh neart a dhóthain ag Muircheartach cumhacht a ghlacadh ar ais. Bhí sé i gcoimhlint le Diarmaid ó 1114 ar aghaidh maidir le ríocht an cúige.
Fuair Muircheartach Ua Briain bás sa bhliain 1118.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ https://www.geni.com/people/Muirchertach-Ua-Briain-High-King-of-Ireland/6000000004533048198 Muirchertach Mac Toirdelbach Mor Ua Briain, High King of Ireland