Morita Akio

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMorita Akio

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ja) 盛田昭夫
Beathaisnéis
Breith26 Eanáir 1921
Tokoname (Impireacht na Seapáine)
Bás3 Deireadh Fómhair 1999
78 bliana d'aois
Tóiceo (an tSeapáin)
Siocair bháisBás nádúrtha (Niúmóine)
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Osaka Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmduine den lucht gnó, innealtóir, fisiceoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Gradam a fuarthas

Discogs: 4679744 Cuir in eagar ar Wikidata

Fisicí Seapánach agus bunaitheoir chomhlacht Sony na Seapáine ab ea Morita Akio (盛田 昭夫 Morita Akio, 26 Eanáir 19213 Deireadh Fómhair 1999). Rugadh i Nagoya é. Fuair sé bás i dTóiceo.

Tar éis an dara cogadh domhanda a bhunaigh sé (in éineacht le Masaru Ibuka), a chomhlacht leictreonaice a d'fhorbair an chéad téipthaifeadán Seapánach i 1950.

1977

Chuir cáil an tsuarachais ar earraí Seapánacha déistin air. D'fhorbair an comhlacht raidiónna beaga so-iompartha is teilifíseán ardchaighdeáin agus dhíol ar fud an domhain iad. I 1958 bhaist sé an t-ainm Sony ar a chomhlacht: meascán aisteach den fhocal Laidineach ar fhuaim, sonus, is amhrán de chuid Al Jolson, Sonny Boy. Chuir siad an téipthaifeadán / raidió siúil ar an margadh den chéad uair sna 1980idí. Faoi seo, is ceann de na comhlachtaí déantúsaíochta is mó ar domhan é.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Morita Akio". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 30.