Molaibdéineam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Molaibdéinim)
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachMolaibdéineam

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach agus púdar inlasta
Molaibdéineam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachMo
Uimhir adamhach42
Mais adamhach95.95
Cumraíocht leictreon[Kr] 4d⁵ 5s¹
Peiriad, Grúpapeiread 5
grúpa 6
Airíonna fisiceacha
Dlús10.28 kg/m⁻³
Leáphointe4,752
Fiuchphointe8,717
Leictridhiúltacht2
Ga ianach0.69, 0.65, 0.46, 0.61, 0.41, 0.59 agus 0.73
Stair
AimsitheoirCarl Wilhelm Scheele
Fionnachtain1778
Eapainmluaidhe

Is é an molaibdéineam dúil uimhir a 42 i dtábla peiriadach na ndúl, agus is é an tsiombail cheimiceach a sheasann dó ná Mo. Ba é Peter Jacob Hjelm, an ceimiceoir Sualannach, ba thúisce a d'aonraigh ina dhúil é, thiar sa bhliain 1781. Cúpla bliain roimhe sin, áfach, d'aithin Carl Wilhelm Scheele mar dhúil ar leith é, cé nach raibh sé ábalta na comhdhúile a dhí-ocsaídiú go miotal glan. Bhí aithne ar a lán mianraí molaibdéinim i bhfad roimhe sin féin, áfach.

Ceann de na miotail trasdultacha é an molaibdéineam, agus é sa ghrúpa chéanna leis an gcróimiam agus leis an tungstan. Miotal liath é. Tá sé níos cosúla leis an tungstan, ó thaobh na ceimice de.

Tá an t-ainm sin "molaibdéineam" bunaithe ar ainm na luaidhe sa Ghréigis. Is í an fhoinse is fearr molaibdéinim atá ar fáil sa dúlra ná an mianra ar a dtugtar molaibdéinít. Tá a fhios againn inniu gurb éard atá ann ná déshuilfíd an mholaibdéinim, MoS2, ach shíl na daoine ar feadh i bhfad gur comhdhúil de chuid na luaidhe a bheadh ann.

Tá seacht n-iseatóp nádúrtha ag an molaibdéineam, agus an chuid is mó acu cobhsaí. An cúpla ceann acu atá radaighníomhach, is follasach go bhfuil leathré an-fhada acu. Is é an t-iseatóp is flúirsí ná Mo-98, a sheasann d'aon adamh molaibdéinim as an gceathrar, beagnach (24.13 % de mholaibdéiniam an dúlra, le bheith beacht).

Is iad na huimhreacha ocsaídiúcháin is tábhachtaí ná +2, +3, +4, +5, agus +6.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]