Mianadóireacht guail

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Eastóscadh guail as doimhneacht éigin faoin talamh. In eastóscadh dromchla, bíonn an gual gar don dromchla. Baintear an scraith uachtair chun siúil, eastósctar an gual, agus cuirtear an scraith uachtair ar ais chun an comhshaol a athshlánú. I dtrasmhianadóireacht, bíonn an gual taobh istigh de chlaonán, tochlaítear tollán cothrománach i dtaobh an chlaonáin, agus baintear an gual amach ar iarnród nó crios iompair. I mianadóireacht dhomhain is an gual an-domhain faoin dromchla, is gá poll mianaigh a thochailt le tolláin chothrománacha amach uaidh do na síoga guail. Tochlaítear an gual (go meicniúil den chuid is mó anois) agus iompraítear ar chreasa iompair go dtí na poill é le hiompar don dromchla. Bíonn contúirtí ar leith ag baint le mianadóireacht guail. Is féidir go dtarlóidh pléascadh mar thoradh ar na gáis a fhuasclaítear is púdar mín an ghuail san aer, agus mar sin is gá aerú éifeachtach uilíoch leanúnach sa mhianach. Is gá na tolláin is na poill a chaomhnú is a neartú i gcoinne a gcliste. Is é gual an breosla iontaisithe is flúirsí ar Domhan, agus meastar go bhfuil cúltaiscí milliún milliún tonna de ann. Táirgeadh timpeall 4,780 milliún tonna i 2001, agus as sin tháirg an tSín 1,323 milliún, na Stáit Aontaithe 1,023 milliún, an Astráil 324 milliún, an India 307 milliún, an Rúis 272 milliún, an Afraic Theas 233 milliún, an Ghearmáin 205 milliún, is an Pholainn 162 milliún.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Mianadóireacht guail". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 452.