Mega Dreoilín
Foilsiú | Bealtaine 2024 | |
---|---|---|
Seánra | físchluiche taobhscrollála | |
Foireann | ||
Forbróir(í) | Han Hogan, Donal Fullam | |
Is tionscadal ealaíne i bhfoirm físchluiche 16-giotán é Mega Dreoilín. Is iad Han Hogan agus Donal Fullam (faoin nom d’art Namaco) a chruthaigh an cluiche.[1] Cuireadh ar taispeántas é in Pallas Projects/Studios sna Saoirsí, Baile Átha Cliath i mBealtaine 2024.[2] Sa chluiche, téann an t-imreoir i ngleic leis an ngéarchéim thithíochta in Éirinn, ag bualadh le carachtair éagsúla, Séamus Ó Conghaile agus Manchán Magan ina measc.[1][2] Cruthaíodh Mega Dreoilín faoi anáil cluichí ar nós Splatterhouse, Golden Ax, Streets of Rage, Final Fight, agus Shinobi III é, agus tógadh é le Unreal Engine agus Godot.[1]
Mhol Una Mullally an cluiche go spéir sna Irish Times, ag rá go raibh an cluiche “ar cheann de na saothair ealaíne Éireannacha is fearr in 2024 go dtí seo... thar a bheith tarraingteach, deartha go hiontach, sofaisticiúil ina fhoirm agus ina chur i bhfeidhm, agus tochtmhar gan choinne."[3]
Rinneadh leagan Gaeilge den chluiche freisin; Mícheál Ó Meachair a d'aistrigh.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 "Fighting mould monsters, running from Garda vans: Ireland’s housing crisis is now a video game". The Irish Times (2024-05-20).
- ↑ 2.0 2.1 “Fight mould monsters and giant vultures in video game exhibition on the housing crisis” (24 May 2024).
- ↑ "Fighting mould monsters, running from Garda vans: Ireland’s housing crisis is now a video game". The Irish Times (2024-05-20). “one of the best Irish artworks of 2024 so far... incredibly engaging, brilliantly designed, sophisticated in its form and execution, and unexpectedly moving.”