Jump to content

Maxwell Henry Close

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMaxwell Henry Close
Beathaisnéis
Breith1822
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Bás12 Meán Fómhair 1903
80/81 bliana d'aois
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Ghráinseach an Déin Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmgeolaí Cuir in eagar ar Wikidata

Ba chléireach de chuid Eaglais na hÉireann agus geolaí é an tUrramach Maxwell Henry Close (1822 - 12 Meán Fómhair 1903) a chuir le caomhnú na Gaeilge in Éirinn.[1]

Rugadh é i gCearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath, ar 23 Deireadh Fómhair 1822. Ba é an duine ba shine é den 11 clainne a bhí ag Henry Samuel Close, páirtí i mBanc Mhuintir Ball, agus a bhean Jane Waring. In Weymouth i Sasana a bhí sé ar scoil ar dtús. Ansiúd a chuir sé dúil sa mhatamaitic.

Fuair sé an B.A. i gColáiste na Tríonóide in 1846. Oirníodh ina mhinistir de chuid Eaglais na hÉireann é in 1848. Bhí sé ina reachtaire in Shangton, Leicestershire, go dtí 1857. Ghoilleadh sé ar a choinsias gur faoi phatrúnacht thuata a bhí a phost aige agus d’éirigh sé as.

Nuair a fuair a athair bás sa bhliain 1861 d'fhill sé ar Bhaile Átha Cliath agus bhí cónaí air ag 39 Sráid Bhagóid Íochtarach. Thug faoi a chuid seirbhísí d'eaglaisí éagsúla sa chathair; chaith sé a dhúthracht nach mór le gníomhaíochtaí liteartha agus eolaíochta, agus go háirithe le geolaíocht oighreach na hÉireann, ar a raibh sé aitheanta mar saineolaí.

Tá a pháipéar, a léadh os comhair Acadamh Ríoga na hÉireann in 1866, ar General Glaciation of Ireland, ina chur síos ardoilte é ar éifeachtaí an oighriúcháin, agus an fhianaise a chruthaigh éifeachtaí an oighir ar an tírdhreach. Níos déanaí, phléigh sé bunús na ngairbhéal ardaithe ina bhfuil sliogáin, in aice le Baile Átha Cliath, agus chuir sé in iúl go raibh siad carntha ag oighear ar snámh nuair a bhí an talamh faoi uisce.[2]

Deirtear gur le linn dó bheith ag taighde i gConnachta le haghaidh an staidéir a rinne sé i gcomhpháirtíocht le G.H. Kinahan (The General glaciation of Iar-Connaught and its neighbourhood, in the counties of Galway and Mayo, 1872) a chuir sé spéis sa Ghaeilge. Ní raibh labhairt na teanga aige.

In Réamhchonraitheoirí: nótaí ar chuid de na daoine a bhí gníomhach i ngluaiseacht na Gaeilge idir 1876 agus 1893 (1968) tá cuntas cuimsitheach ag Máirín Ní Mhuiríosa ar a shaothar ar son na teanga.[3] Bhí baint aige le Cumann Buan-Choimeádtha na Gaedhilge ó thosach. Nuair a tharla an scoilt ar dá bharr a bunaíodh Aontacht na Gaeilge bhí sé ina bhall den dá chumann, é ar a dhícheall ag réiteach eatarthu. Ní hamháin go n-íocadh sé billí an Irisleabhair ach nuair a d’éirigh Seán Pléimeann as an eagarthóireacht toisc sean-aoise thug sé pinsean dó. Chaith sé tamall ina chisteoir i gcomharbacht ar Mhicheál Cíosóg. D’fhág sé £1,000 le huacht ag an Acadamh chun foclóir Gaeilge a fhoilsiú ar an gcoinníoll go mbeadh tosaithe acu ar an gclóbhualadh faoi 12 Meán Fómhair 1913. Mar sin a tharla gur ullmhaigh Carl Marstrander an chéad fasciculus (D-degoir) faoi dheifir in 1913.

Bhí sé ina chisteoir ar feadh tamaillín den Acadamh Ríoga na hÉireann, ina bhall gníomhach de Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath, agus ina uachtarán ar an Royal Geological Society of Ireland in 1878. Tharraing réalteolaíocht agus fisic, chomh maith le sean-theanga agus seaniarsmaí na hÉireann, a aird. Bhí sé ar dhuine den bheirt Chisteoirí Oinigh ar Chumann Buan-Choimeádtha na Gaedhilge agus ina bhall bunaidh den Gaelic Union, eagraíocht a chabhraigh sé le hairgeadú. I dtreo dheireadh an naoú haois déag bhí sé ina Chisteoir ar an dá chumann seo.[2] Bhí sé ina bhall an-luath de Chonradh na Gaeilge, agus thacaigh sé ó thaobh airgeadais de.[4]

Shíl an Craoibhín nach mbunófaí Conradh na Gaeilge ar chor ar bith marach an chabhair airgid a thugadh Close don Irisleabhar. Tá sé fíoraisteach mar sin nár foilsíodh puinn ina thaobh in An Claidheamh Soluis ná in Irisleabhar na Gaeilge féin nuair a d’éag sé ar 12 Meán Fómhair 1903. I ngan fhios a chleachtadh sé an fhéile, ar ndóigh, ach is é an míniú is dealraithí gur dearmadadh an fhéile sin.

Tá Maxwell Close curtha i nGráinseach an Déin i gContae Bhaile Átha Cliath. Scríobh sé péire leabhar: Ausa dynamica: force, impulsion, and energy (1884) (faoin ainm cleite ‘John O’Toole’) agus A few chapters in astronomy (1894) (faoin ainm ‘Claudius Kennedy’).

Naisc sheachreacha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. CLOSE, Maxwell Henry (1822–1903) | ainm.ie (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
  2. 1 2 Obituary by Prof. G. A. J. Cole in Irish Naturalist, vol. xii. (1903) pp. 301-306
  3. Réamhchonraitheoirí le Máirín Ní Mhuiríosa (Clódhanna Teo., BÁC, 1968) ISBN 0-9501264-0-3
  4. Correspondence of an tAthair Peadar Ó Laoghaire