Mary Elizabeth Byrne
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 2 Iúil 1880 Baile Átha Cliath |
| Bás | 19 Eanáir 1931 50 bliana d'aois Baile Átha Cliath |
| Áit adhlactha | Reilig Ghlas Naíon |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Ollscoil na hÉireann (–1905) Ollscoil Ríoga na hÉireann Dominican College Sion Hill (en) |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | iriseoir, aistritheoir, teangeolaí, file |
| Ball de | |
| Teangacha | Béarla agus an Ghaeilge |
Gradam a fuarthas | |
Teangeolaí agus gníomhaí teanga a bhí i Mary Elizabeth Byrne, M. A. (2 Iúil 1880 – 19 Eanáir, 1931) a bhain gairm acadúil amach i saol na Gaeilge.
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 2 Iúil 1880 a rugadh í ag 1 Rae Cavendish, Baile Átha Cliath. Stáiseanóir ba ea a hathair Charles san am sin ach faoi 1901 is siopa nuachtán ag 35 Sráid Sackville Uachtarach, a bhí aige, agus is ann a bhí cónaí ar an gclann. B’as Baile Átha Í, Co. Chill Dara, do Charles. Nuair a fuair sé bás 17 Márta 1909 bhí fógra i nGaeilge in An Claidheamh Soluis. Ba í Mary Doran, arbh i mBaile Átha Cliath a rugadh í, a máthair. Bhí Angela, iníon eile, ina cónaí leo oíche an Daonáirimh. I 1911 ba í Mary a líon foirm an Daonáirimh isteach i nGaeilge.[1]
Tar éis bheith ar scoil ag na Doiminicigh i Sráid Eccles rinne sí máithreánach na hOllscoile Ríoga agus tá a hainm i measc na mac léinn a cláraíodh sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, 1901. Bhí cuid mhaith Gaeilge foghlamtha aici cheana féin mar ar 26 Meán Fómhair 1902 bhí sí i measc na ndaoine ar bronnadh duaiseanna agus teistiméireachtaí orthu ag Cúirt Chuimhne an Phléimeannaigh i Halla na mBuachaillí, Bóthar na bhFál, Béal Feirste. Bhain sí amach céim mháistir 1905 le honóracha den chéad ghrád.[2][3][4] Bhuaigh sí freisin bonn óir an tSeansailéara ar phrós Béarla. I 1905 freisin chuir sí a hainm le hachainí go gcuirfí scrúdú simplí Gaeilge ar iarrthóirí le haghaidh scoláireachtaí agus go bhféadfadh cailíní cur isteach orthu sin (An Claidheamh Soluis 18 Samhain 1905). Nuair a bhuaigh sí scoláireacht le haghaidh Scoil Ard-Léinn na Gaeilge an bhliain dár gcionn cuimhníodh go mba bhall den Chonradh í (idem 20 Meitheamh 1906). Bhí sí ar choiste Chraobh na gCúig gCúigí 1907. Bhí buíon Sean-Ghaeilge faoina cúram sa Chraobh sin ó Dheireadh Fómhair 1915 amach. Thoghfaí í ina Leas-Uachtarán ar an gcraobh ar ball.[1]
Ba bhall í de choiste na mac léinn fad a bhí sí ag Scoil Ard-Léinn na Gaeilge, in éineacht le R.I.Best, Pádraig Ó Brolcháin, Seosamh Laoide, Máire Ní Chinnéide, James George O’Keeffe, Eoghan Ó Neachtain, agus Éamonn Ó Néill (BÁC).
Chaith sí tamall maith ag obair ar fhoclóir Gaeilge Acadamh Ríoga na hÉireann ón uair a ceapadh í féin agus Maud Joynt mar chúntóirí ag Marstrander i 1909. ‘... she was especially suited for work which was necessarily teamwork and which gave her plenty of opportunity for helping others’, dúirt Myles Dillon in Révue Celtique, XLVIII 1931. Tá a hainm le fasciculus G a foilsíodh 1955.
Chuir sí síos i nDaonáireamh 1911 go raibh sí ina hollamh le Fraincis agus go raibh obair thaighde ar siúl aici. Rinne sí obair ar chatalóg lámhscríbhinní an Acadaimh agus i gcomhar le Myles Dillon chuir sí Táin bó Fraích (1933) in eagar. Bhí sí ag obair ag am a báis ar Togail Troi.
D’éag sí 19 Eanáir 1931 ag 124 Sráid Bhagóid, Íochtarach, Baile Átha Cliath. Deirtear in An Claidheamh Soluis 7 Feabhra 1931 gur tháinig taom breoiteachta uirthi i mí Lúnasa. Bhí sí i Londain an samhradh sin ag léachtóireacht ag an gComhdháil Cheilteach i dtaobh na mban i ndlíthe na mbreithiún. Tá sí curtha i nGlas Naíon. Bhunaigh an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ‘The Mary Byrne Medal for Early Irish Studies’ i gcuimhne uirthi.
Foilsíodh aistí agus aistriúcháin dá cuid in Révue Celtique, Ériu, Irish Monthly, Anecdota from Irish Manuscripts, agus Journal of Theological Studies. Is ar a haistriúchán de ‘Rob tu mo bhoile’ (Ériu 2, 89 1905[5]) a bhunaigh Eleanor Hull a hiomann ‘Be thou my vision’.[6]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Diarmuid Breathnach, Máire Ní Mhurchú. “BYRNE, Mary Elizabeth (1880–1931)” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
- ↑ Katie Donovan, A. N. Jeffares, & Brendan Kennelly, eds. (1994). Ireland’s Women. Dublin: Gill & Macmillan
- ↑ Gerald Dawe, ed. (1982). The Younger Irish Poets (1991 ed.): 65-73. Blackstaff
- ↑ LindaJo H. McKim (1993-01-01). "The Presbyterian Hymnal Companion" (as en). Westminster John Knox Press.
- ↑ Mary E. Byrne (1905). "A Prayer". Ériu 2: 89-91. Royal Irish Academy. JSTOR 30007131.
- ↑ Kenneth W. Osbeck (1985). 101 More Hymn Stories (in en): 43-44. Kregel Publications