Mars (barra seacláide)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí BiaMars
Bunús
Tír dhúchaisStáit Aontaithe Mheiriceá agus an Ríocht Aontaithe
CruthaitheoirForrest Mars
Dáta cruthaithe1932
DéantóirMars, Incorporated (en) Aistrigh
Sonraí
Cineálbarra seacláide
Príomh-chomhábhairseacláid, eithneagán agus caramal
Suíomh ofigiúilmars-riegel.de Cuir in eagar ar Wikidata
Barra seacláide Mars

Is barra seacláide é Mars á dhéanamh agus á sholáithear ag Mars Incorporated. Ar dtús, cruthaíodh agus rinneadh é i Slough sna Ríocht Aontaithe sa bhliain 1932. Is é cheann de na barraí seacláide is aitheannta ar domhan inniu é.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1932, thug Frank C. Mars $50,000 dá mhac Forrest chun tús a chuir lena gnó féin darbh ainm 'Mars Limited' i Slough. Rinneadh na chéad barraí Mars ar an Luain den lá saoire bainc Lúnasa den bhliain sin.

Sa bhliain 1933, bhí an t-éileamh ag ardú go tapaigh, agus árdaíodh an meitheal oibre ó 12 go 100 chloigne.

Idir 1940 agus 1945, in ainneoin An Dara Chogadh Domhanda, lean an táirgeadh de Bharraí Mars ar aghaidh agus dáileadh iad ar an t-arm.

Sa bhliain 1959, ceapadh an mana "A Mars a Day Helps You Work, Rest and Play".

Sa bhliain 1991, d'easportáiliú Barraí Mars chuig An Rúis don chéad uair, tar éis titim Cumannachas. Bhí éileamh as chuimse ar na mbarraí agus mar sin, chiondáil siad na barraí go dtí ceathrar an duine.

Sa bhliain 1996, thomhais suirbhé go raibh Barra Mars ite ag 70% den phobal sa bhliain roimh ré.

Sa bhliain 2006, athraíodh ainm an bharra ó 'Mars' go 'Believe' chun tacaíocht a thaispeáint don fhoireann sacair Sasanach sa Chorn Domhanda

Difriúlacht Idirnáisiúnta[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Ríocht Aontaithe

Sa bhliain 2002, athraíodh an Barra Mars UK. Rinneadh an eithneagán níos éadroime, rinneadh an seacláid i bhfad níos tanaí, agus laghdaíodh meáchan an bharra. Freisin, athraíodh an pacáistiú.

Freisin, athraíodh an mana traidisiúnta, "A Mars a day helps you work, rest and play", go, "Pleasure you can't measure", mar shíltear go mbeadh sé níos tarraingtí do mhná. San am atá chaite, níor cheannaigh mórán mná an barra toisc é a bheith diríthe ar fhir den chuid is mó.

Ceanada

Ó samhradh an bhliain 2006 ar aghaidh, tá gach barra Mars déanta i gCeanada gan-pis talún.

Barraí Teoranta
  • Mars Almond
  • Mars Dark and Light
  • Mars Midnight, an líonadh chéanna mar an barra Mars ach le seacláid dorcha. Mar Mars Dark, tá sé ar díol go buan i gCeanada.
  • Mars Gold
  • Mars Mini Eggs (Ar díol um Cáisc)
  • Pirates of the Caribbean: Dead Man's Chest barra Mars
  • Mars Triple Chocolate (An Astráil)
  • Mars Lava (An Astráil - blastanais oraiste)
  • Mars Fling (An Astráil)
  • Mars Miniatures, 5 barraí beaga sa phaicéid chéanna
  • Mars XXX (An Astráil) díolaithe i bhfillte óir.
  • Mars Chill (An Astráil and An Nua-Shéalainn)
  • Mars Rocks (An Astráil)

Barra Mars Deep-Fried[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is barra Mars é seo atá clúdaithe i mbatráil agus bruite in ola. Cruthaíodh é i Stonehaven, Albain sa bhliain 1995. Tá siad ar fáil i roinnt siopaí sceallóga in Éirinn, An Bhreatain, An Astráil, An Nua-Shéalainn agus i gCeanada.