Máirín Ní Mhuiríosa
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 5 Meán Fómhair 1906 Baile Átha Cliath, Éire |
Bás | 27 Lúnasa 1982 75 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Gníomhaíocht | |
Gairm | acadóir, file |
Teangacha | An Ghaeilge |
Scoláire, file agus iriseoir Éireannach ba ea Máirín Ní Mhuiríosa (5ú Meán Fómhair 1906 – 27ú Lúnasa 1982).[1]
Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Máirín Ní Mhuiríosa i mBaile Átha Cliath ar an 5ú Meán Fómhair 1906. Tomás Ó Muiríosa, múinteoir mata, agus Mary Golden ba ea a tuistí, Gaeilgeoirí beirt. Théadh an teaghlach ar saoire go dtí an Ghaeltacht sa Rinn, Port Láirge.
D'fhreastail Ní Mhuiríosa ar scoil i Muineachán agus i Lucsamburg. Ba bhall í de Chraobh Mhóibhí, Conradh na Gaeilge na nÓg. Bhí sí páirteach sa léiriúchán 1920 de An naomh ar iarraidh le Douglas Hyde agus An tobar naofa le Séarlot Ní Dhunnlainge le haghaidh chomórtas an Oireachtais. D'fhreastail sí ar Choláiste na hOllscoile, BÁC, sa bhliain 1924, agus bhain sí bunchéim amach sa léann Ceilteach sa bhliain 1927. Bhain sí céim mháistreachta i mBreatnais amach sa bhliain 1943. Ball foirne ba ea i gColáiste Laighean idir na blianta 1929 agus 1952.[1][2]
Sa bhliain 1928, phós sí le Pádraig Ó Cinnéide, rúnaí na Roinne Sláinte ón mbliain 1948 go dtí 1959. Bhí acu mac amháin agus iníon amháin. Fuair Ní Mhuiríosa bás i nOspidéal Ollscoile Naomh Uinseann, ar an 27ú Lúnasa 1982, agus adhlacadh i Reilig Ghlas Naíon í.[1]
Gairm bheatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba é an chéad saothar léannta a bhí ag Ní Mhuiríosa ná Stair an Bhíobla ó lámhsgríbhinn do sgríobh Uáitéir Ó Ceallaigh tuairim na bliadhna MDCCXXVI, a foilsíodh i gceithre imleabhar idir na blianta 1941 agus 1945. Ag an am gcéanna, rinne sí obair ar an tsraith Leabhair ó Láimhsgríbhnibh, eagraithe ag Gearóid Ó Murchadha. I dteannta le Nessa Ní Shéaghdha, d'eagraigh sí an tsraith Trí Bruidhne: Bruidhean Chéise Corainn, Bruidhean Bheag na hAlmhaine, Bruidhean Eochaidh Bhig Dheirg, 1941. D'eagraigh sí duais Imtheacht an dá nónbhar agus tóraigheacht Taise Taoibhghile (1954) agus Comhairle Mhic Lámha (1955).[1][2]
Sa bhliain 1946, ghlac sí ballraíocht i gCumann na Scríbhneoirí, agus toghadh sí ina rúnaí ann dhá bhliain ina dhiaidh. Ó bhunú an Sunday Press sa bhliain 1949, scríbhneoir rialta ba ea Ní Mhuiríosa lena colún, Eadrainn féin. Bhuaigh Ní Mhuiríosa roinnt duaiseanna filíochta ag Oireachtas na Gaeilge, agus sa bhliain 1968 toghadh í ina huachtarán an Oireachtais.[2]
Sa bhliain 1952, bhí cruinniú ag Ní Mhuiríosa leis an taoiseach Éamon de Valera, agus bunaíodh mar thoradh Bord na Leabhar Gaeilge. Bhí sí ar choiste an bhoird le 15 bliain, agus ina stiúrthóir den Chlub Leabhar le 20 bhliain a bhí sí. Bhí sí ina ball den Board of Higher Education sna 1960í, agus níos deireanaí ina ball den Údarás um Ard-Oideachas.[1][2]
Bhí suim aici i gceannairí ghluaiseacht athbheochan na Gaeilge, agus d'fhoilsigh sí altanna faoi ghníomhaithe ar nós Brian Ó Luanaigh in Feasta (1969), Rev. Euseby Digby san Irish Press (1965) agus Rev. Maxwell Henry Close in Comhar (1966). Mar bailchríoch na hoibre seo, d'fhoilsigh sí Réamhchonrathóirí (1968), cur síos ar ghníomhaithe suntasacha na gluaiseachta idir blianta 1876 agus 1893. Bhí aithne aici ar údair Gaeilge eile, Máirtín Ó Direáin san áireamh.
Bhain a haiste, Gaeil agus Breatnaigh anallód, ar stair na Breataine Bige, duais amach ag an Oireachtas 1972 agus foilsíodh é mar phaimfléad sa bhliain 1974. D'fhoilsigh sí lámhleabhar ar stair liteartha na hÉireann as Breatnais, Traddodiad Llenyddol Iwerddon, in éineacht le J. E. Caerwyn Williams. Aistríodh an lámhleabhar go Gaeilge mar Traidisiún liteartha na nGael sa bhliain 1979.[1][2]