Litríocht na Seapáine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ba í litríocht na Síne ba mhó a chuaigh i bhfeidhm ar litríocht na Seapáine ar dtús, agus ba mhinic na Seapánaigh ag scríobh i Sínis. D'fhág teacht an Bhúdachais blas Indiach ar an litríocht. I gceann tamaill chruthaigh na Seapánaigh litríocht dhúchasach, cé gurbh fhada rian an tSíneachais le haithint uirthi. Bhrúigh an tIarthar isteach i saol na Seapáine sa 19ú haois, agus tá litríocht na Seapáine agus litríocht an Iarthair ag dul i bhfeidhm ar a chéile ó shin.

Litríocht ársa (anuas go dtí 794)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Litríocht clasaiceach (794–1185)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Litríocht mheánaoiseach (1185–1603)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Litríocht luath-nua-aoiseach (1603–1868)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Litríocht nua-aoiseach (ó 1868 i leith)[cuir in eagar | athraigh foinse]

I Ré Meiji a tháinig an tSeapáin faoi anáil an Iarthair agus a thosaigh an tionsclaíocht. Tháinig litríocht na hEorpa isteach freisin agus chuaigh filí, prósóirí agus drámadóirí i ngleic le smaointe agus modhanna scríbhneoireachta nua, ar nós na saorvéarsaíochta. Bhí rian na ré nua le feiceáil ar an úrscéal go háirithe.

Ba ghearr gur tháinig úrscéalta a scrúdaigh cúrsaí sóisialta agus eacnamaíocht agus aigne an phríomhcharachtair féin. Ba chuid suntais iad Cat atá Ionam (Watakushi wa neko de aru), Botchan and Kokoro le Natsume Sōseki, agus bhain Shiga Naoya agus Mori Ōgai tairbhe as comhghnásanna úra. Cuimhníodh fós ar an am a chuaigh thart: bhí gearrscéalta stairiúla Ryūnosuke Akutagawa á léamh le fonn, agus d'fhág an ré roimhe sin a rian ar stíl ar Ozaki Kōyō, Kyōka Izumi agus Ichiyo Higuchi.

Tháinig tuairimí éagsúla i réim i ndiaidh a chéile: an Eagnaíocht (idir 1865 agus na hochtóidí), an Réalachas (sna hochtóidí) agus an Clasaiceachas. Fir ba ea formhór na scríbhneoirí, cé gur scríobh Ichiyō Higuchi, údar mná, gearrscéalta faoi mhná gan acmhainní.

Chuir Mori Ōgai an Rómánsachas san fhaisean le hantológ dánta aistrithe (1889) agus scríobh roinnt úrscéalta. Ansin nocht an Nádúrachas agus an t-úrscéal inbhreathnaitheach lena chois, ach tháinig an Frith-Nádúrachas agus an Nua-Rómánsachas sna sála aige. Sheas Ryūnosuke Akutagawa don Nua-Réalachas i dtús an fichiú haois, agus scríobh a lán gearrscéalta. Eisean a scríobh Rashōmon (1915) agus é cumtha i stíl intleachtúil anailíseach.

Litríocht radacach a fáisceadh as gluaiseacht liteartha phrólatáireach na bhfichidí agus na dtríochaidí agus í ag cur síos ar anró agus ar streachailt na mbochtán. Takiji Kobayashi, Denji Kuroshima, Yuriko Miyamoto, Ineko Sata agus eile a luaitear leis an ngluaiseacht seo.

Leanadh den scríbhneoireacht le linn an Dara Cogadh Domhanda, agus tháinig roinnt údar ar an bhfód a chuir síos go liriciúil ar chúrsaí grá, ar nós Jun'ichirō Tanizaki agus Yasunari Kawabata, aigneolaí liteartha agus an chéad údar Seapánach a bhuaigh Duais Nobel na Litríochta. Chuir Denji Kuroshima, Mitsuharu Kaneko, Hideo Oguma, Jun Ishikawa agus eile i gcoinne an chogaidh agus thug Tatsuzō Ishikawa iarracht cuntas lom scanrúil ar ionsaí Nanjing a fhoilsiú. Os a choinne sin, chum Ashihei Hino leabhair liriciúla a mhol an cogadh agus a raibh dúil ag léitheoirí iontu.

Litríocht iarchogaidh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh an díomua i bhfeidhm go mór ar an litríocht, agus d'fhoilsigh Osamu Dazai, Shōhei Ōoka agus a leithéidí úrscéalta a chuir síos ar an neamhthairiseacht agus ar an tseachránacht. Thosaigh Yukio Mishima, údar nihilíoch cáiliúil, ag scríobh tar éis an chogaidh.

Le himeacht aimsire tháinig cúrsaí intleachtúlachta agus moráltachta chun tosaigh, go háirithe sna seachtóidí agus sna hochtóidí. I measc na n-údar a bhí i gceist bhí Kenzaburō Ōe, an dara scríbhneoir Seapánach a bhuaigh Duais Nobel na Litríochta. Bhí Mitsuaki Inoue sáite i bhfadhbanna na ré núicléí, agus thug Shusaku Endo faoi chúrsaí spioradáltachta trí chuntas a thabhairt ar na Kakure Kirishitan, Caitlicigh sa tSeapáin Fheodach. Ar an dóigh chéanna, bhain Yasushi Inoue tairbhe as an seansaol san Ion-Áise agus sa tSeapáin chun oibriú na cinniúna a léiriú sa saol atá anois ann.

Tháinig méadú ar an líon úrscéalaithe mná agus aird acu ar chastacht an ghnáthshaoil sa tSeapáin nua. Bhuaigh Shizuko Todo Duais Naoki sa bhliain as a húrscéal faoi aigne chasta na mban nua-aimseartha.

Tá éileamh ar leith ar shaothar Haruki Murakami, saothar conspóideach. Is deacair a chuid leabhar ghreannmhar osréalach a rangú agus níl na criticeoirí ar aon intinn faoi cé acu litríocht nó ficsean coiteann atá á scríobh aige. Tá an-éileamh ar leabhair Banana Yoshimoto, údar mná, freisin.

Is minic saol na haigne agus an anama á chíoradh i bhficsean comhaimseartha na Seapáine seachas tús áite a thabhairt don phlota agus don ghníomhú. Dírítear aird ar na mná, ar an Seapánachas sa saol atá anois ann, ar dhaoine a théann amú sa chultúr uirbeach. Scrúdaítear fadhbanna sóisialta ach de bhar thionchar an Bhúdachais cuimhnítear freisin ar thábhacht an fhéineolais agus bíonn tuiscint chumhach ann ar neamhbhuaine an tsaoil seo.

Ó na hochtóidí i leith tá éileamh ar fhicsean choiteann, ar neamhfhicsean agus ar litríocht do pháistí. Tá baint ag ficsean coiteann le ficsean eolaíochta, scéalta bleachtaireachta, sraithscéalta stairiúla agus eile. Tá iriseoireacht fhíriciúil chun tosaigh sa neamhfhicsean ach tá iriseoireacht léiritheach indibhidiúlach ann freisin. Tháinig beocht úr i litríocht do pháistí sna caogaidí agus bhláthaigh sí arís sna hochtóidí, a bhuíochas sin ar scríbhneoirí nua a raibh a lán ban ina measc.

Manga agus úrscéalta guthán póca[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leabhair stiallchartún is ea manga, agus déanann siad léiriú ar gach taobh den saol beagnach - an stair, cúrsaí eacnamaíochta, pornagrafaíocht agus eile. Is minic stil eispriseanaíoch nó impriseanaíoch á cleachtach iontu. Is mór an díol atá orthu, agus fiú sna hochtóidí ba iad na manga 20% ar a laghad dá raibh á fhoilsiú in aghaidh na bliana, le díolacháin timpeall ¥ 400 billiún.

Thosaigh úrscéalta guthán ag teacht amach i dtús na haoise seo. Scéalta rómánsacha iad a scríobhann mná óga do mhná óga eile ar ghutháin phóca, rud a fhágann a rian ar fhriotal agus ar insint an scéil. Uaireanta díoltar na mílte cóip de na leaganacha clóbhuailte.

Údair agus saothair shuntasacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Litríocht chlasaiceach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Litríocht mheánaoiseach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Litríocht luath-nua-aoiseach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Litríocht nua-aoiseach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Birnbaum, A., (ed.). Monkey Brain Sushi: New Tastes in Japanese Fiction. Kodansha International (JPN).
  • Donald Keene:
    • Modern Japanese Literature, Grove Press, 1956. ISBN 0-384-17254-X
    • World Within Walls: Japanese Literature of The Pre-Modern Era 1600–1867, Columbia University Press © 1976 (athchló 1999). ISBN 0-231-11467-2
    • Dawn to the West: Japanese Literature in the Modern Era, Poetry, Drama, Criticism, Columbia University Press © 1984 (athchló 1998). ISBN 0-231-11435-4
    • Travellers of a Hundred Ages: The Japanese as Revealed Through 1,000 Years of Diaries, Columbia University Press © 1989 (athchló 1999). ISBN 0-231-11437-0
    • Seeds in the Heart: Japanese Literature from the Earliest Times to the Late Sixteenth Century, Columbia University Press © 1993 (athchló 1999). ISBN 0-231-11441-9
  • McCullough, Helen Craig, Classical Japanese prose : an anthology, Stanford, Calif. : Stanford University Press, 1990. ISBN 0-8047-1628-5
  • Miner, Earl Roy, Odagiri, Hiroko, and Morrell, Robert E., The Princeton companion to classical Japanese literature, Princeton, N.J. : Princeton University Press, 1985. ISBN 0-691-06599-3

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leabharlanna ar líne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí eile[cuir in eagar | athraigh foinse]