Tōson Shimazaki
Ainm sa teanga dhúchais | (ja) 島崎藤村 |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | (ja) 島崎 春樹 25 Márta 1872 Magome-juku |
Bás | 22 Lúnasa 1943 71 bliana d'aois Ōiso |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Rith fola ceirbreach) |
Áit adhlactha | Ōiso |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Protastúnachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Meiji Gakuin (en) Ardscoil Shinsearach Meiji Gakuin Taimei Elementary School (en) Ardscoil Shóisearach agus Shinsearach Kaisei |
Teanga dhúchais | an tSeapáinis |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file, scríbhneoir, úrscéalaí, liriceoir |
Tréimhse oibre | 1897 – 1943 |
Fostóir | Ollscoil Keio Komoro Gijuku (en) Meiji Girls' School (en) Ollscoil Waseda |
Ball de | |
Gluaiseacht | Nádúrachas |
Teangacha | An tSeapáinis |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Teaghlach | |
Páiste | Keiji Shimazaki, Ōsuke Shimazaki |
Athair | Shimazaki Masaki |
Duine muinteartha | Komako Shimazaki (neacht) |
Gradam a fuarthas
| |
B'údar Seapánach é Tōson Shimazaki (島崎 藤村 - Shimazaki Tōson) (25 Márta 1872 – 22 Lúnasa 1943). De ghnáth déantar tagairt dó mar Tōson. Thosaigh sé mar fhile rómánsach agus tharraing cáil air féin ina dhiaidh sin mar nádúraí mór sa phrós. Bhí sé ag scríobh i ré Meiji, i ré Taisho agus sa chéad chuid de ré Showa.
A óige
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Tōson mar Haturi Shimazaki i gcathair Nakatsugawa i Maoracht Gifu. Chaith sé a óige amuigh faoin tuath i gCeantar Kiso agus d'fhág é sa bhliain 1881. D'fhág an áit úd a rian ar a shaothar, agus baineann sí, mar shampla, le Yoakemae (夜明け前 Roimh Éirí na Gréine, 1929-1935), an t-úrscéal is mó clú dá chuid. Tá sé sin bunaithe ar shaol a athar, Shimazaki Masaki, a chuaigh as a mheabhair agus a bhí marbh faoin am a raibh Toson i gceann a cheithre bliana déag. Cairde a mhuintire a thóg ina dhiaidh sin é. Fuair an deirfiúr ba shine aige bás le galar meabhrach, agus mhaígh Tōson go raibh dubhachas ann a thug sé óna thuismitheoirí.
I mbun oibre
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1891 bhain sé céim amach in Ollscoil Meiji Gakuin agus an bhliain dár gcionn thosaigh sé ag múineadh Béarla i Scoil Bhan Meiji. Tháinig suim aige i gcúrsaí litríochta de bharr an chaidrimh a bhí aige le Kocho Baba (馬場孤蝶 Baba Kochō) agus Shukotsu Togawa (戸川秋骨 Togawa Shūkotsu), beirt scríbhneoirí. Chuaigh Tōson i ngrúpa a bhain le Bungakukai (文學界), iris liteartha. Bhí sé an-mhór le Kitamura Tokoku, údar rómánsach, agus d'fhág a fhéinmharú siúd lorg buan air féin agus ar a shaothar.
Sa bhliain 1895 rinne sé cónaí in Sendai i dtuaisceart na Seapáine agus é ina oide in Ollscoil Tohoku Gakuin. Foilsíodh Wakanashū (若菜集), an chéad díolaim filíochta aige, sa bhliain 1897, agus tháinig iomrá air dá bharr.
An scríbhneoir
[cuir in eagar | athraigh foinse]Moladh Tōson as an saghas nua véarsaíochta a chum sé in Wakanashū agus as an mbaint a bhí aige le Rómánsachas Liteartha Meiji (明治浪漫主義 Meiji Rōman Shugi).
D'fhoilsigh Tōson ceithre dhíolaim eile sula ndeachaigh sé i gceann an phróis. Ba é Peacú (破戒 Hakai) an chéad úsceal uaidh, scéal faoi mhúinteoir ar burakumin é (duine a bhaineann le sainaicme "shuarach") agus a cheileann an smál sin ar an saol. Tá meas ar an saothar seo mar an gcéad úrscéal nádúraíoch i litríocht na Seapáine. Bhí buairt ag roinnt leis an saothar seo ar shlí eile: cailleadh trí pháiste an údar agus é ag scríobh an úrscéil.
Cuntas maoithneach fileata ar an gcaidreamh a bhí aige ar scríbhneoirí Bungakukai atá in Haru (春 Earrach, 1908), an dara húrscéal óna lámh.
Is dóigh le mórán daoine gurb é Ie (家 Teaghlach, 1910-1911) a phríomhshaothar. Cuntas é ar mheath dhá theaghlach chúigeacha a bhfuil gaol acu leis an bpríomhphearsa.
Ba é Shinsei (新生 Beatha Nua, 1918-1919) an t-úrscéal ba scannalaí a scríobh sé. Cuireann sé síos ar an gcaidreamh collaí a bhí aige le Komako, a neacht, agus a fhios aige go raibh fios an scéil ag a hathair (an deartháir ba shine aige). Nuair a d'éirigh Komako torrach chuaigh Tōson chun na Fraince le fearg a ghaolta a sheachaint. Dúirt sé gur dhual athar dó an rud a rinne sé, ach cáineadh go forleathan é as a drochiompar agus as an eachtra a chur ar sochar dó féin trí úrscéal a dhéanamh di.
Nuair a d'fhill sé ar an tSeapáin chuaigh sé ag teagasc in Ollscoil Waseda. Sa bhliain 1929 thosaigh sé ag scríobh Yoake mae, úrscéal stairiúil faoi Athghairm Meiji ó thaobh gníomhaí chúigigh. Tá áthas air siúd nuair a chuirtear an tImpire i réim arís agus barúil aige gurb é athbhuanú an traidisiúin dhúchasaigh é, ach tagann díomá air roimh a bhás. Tá an-dealramh ag an bpríomhphearsa le hathair Shimazaki. Tháinig Yoake mae amach ina shraithscéal ar Chūō kōron, iris liteartha, ar feadh sé bliana, agus foilsíodh é mar úrscéal dhá chuid.
Sa bhliain 1935 ceapadh Tōson mar an gcéad chathaoirleach den chraobh Sheapánach de PEN Idirnáisúnta.
Sa bhliain 1943 thosaigh sé ag cur amach Geata an Oirthir (東方の門 Tōhō no mon), scéal a leanfadh Yoake mae, ina shraithscéal, agus bhí sé sin gan chlabhsúr fós nuair a fuair Shimazaki bás le taom croí in aois a bhliana is seachtó.
Tá a uaigh ag teampall Jifuku-ji in Oiso i Maoracht Kanagawa.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Bourdaghs, Michael (2003). The Dawn That Never Comes: Shimazaki Tōson and Japanese Nationalism. New York: Columbia University Press. ISBN 0-231-12980-7
- McClellan, Edwin (1969). Two Japanese Novelists: Sōseki & Tōson. Chicago: University of Chicago Press. 10-ISBN 0-226-55652-2 13-ISBN 978-0-226-55652-9 (crua) [athchló Tuttle Publishing, Tokyo, 1971-2004. 10-ISBN 0-8048-3340-0 13-ISBN 978-0-8048-3340-0 (bog)]
- Shimazaki Tōson (Cecilia Sagawa Seigle a d'aistrigh) (1976). The Family. Tokyo: University of Tokyo Press. ISBN 0-8600-8254-5
- Shimazaki Tōson (William E. Naff a d'aistrigh) (1987). Before the Dawn. Honolulu: University of Hawaii Press. ISBN 0-8248-0914-9
- Shimazaki Tōson (Kenneth Strong a d'aistrigh) (1995). Broken Commandment. Tokyo: University of Tokyo Press. ISBN 0-86008-191-5