Leitir Fraic

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilLeitir Fraic

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°33′13″N 9°56′54″W / 53.553595°N 9.948366°W / 53.553595; -9.948366
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde81 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1413597

Sráidbhaile i gContae na Gaillimhe is ea Leitir Fraic[1] (Letterfrack as Béarla). Tá sé suite i gConamara 15 km slí thoir thuaidh ón gClochán, in aice le bá Bhearna Dhearg agus cuan Bhaile na Cille. Tá ionad cuairteoirí Pháirc Náisiúnta Chonamara suite anseo, chomh maith le Letterfrack Furniture College agus ceanncheathrú Connemara Community Radio.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní léir céard is brí leis an bhfocal fraic, b'fhéidir fraig (bean) nó fraoch.

Cumann na gCarad[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir James agus Mary Ellis, lánúin a bhí ina mbaill de Chumann na gCarad, na Quakers, fúthu i Leitir Fraic sa bhliain 1849. Bhí James Ellis tar éis éirí as a phost mar fhear gnó i mBradford i dtuaisceart Shasana in aois 56 bliain dó. Cheannaigh sé eastát mór i gceantar Leitir Fraic. Bhí an Drochshaol faoi lán seoil um an dtaca sin. D'fhostaigh Ellis 80 fear, bhunaigh sráidbhaile agus rinne iarracht an ceantar a chur in oiriúint don fheirmeoireacht.

Nuair a theip ar shláinte James Ellis sa bhliain 1857, d'fhill sé ar Yorkshire, agus cheannaigh John Hall a eastát. Scríobh Mary Ellis go raibh "feeling of the much we have left undone, and the darkness which exists there, where nature looks so fair" ag cur isteach uirthi.

Scoil tionsclaíoch[cuir in eagar | athraigh foinse]

Osclaíodh scoil thionsclaíoch sa bhliain 1887. Dúirt an file Richard Murphy faoi na daltaí:

Podded in varnished pews, stunted in beds
Of cruciform iron, they bruise with sad, hurt shame:
Orphans with felons, bastards at loggerheads
With waifs, branded for life by a bad name.

Bhíodh íde ar siúl sa scoil. Dúnadh sa bhliain 1974 í.

Tá Letterfrack Furniture College, cuid de GMIT, bunaithe ar an suíomh anois, chomh maith le Connemara Community Radio.

Marconi[cuir in eagar | athraigh foinse]

Roghnaigh Marconi Leitir Fraic do stáisiún raidió trasatlantach. Ó 1913 go 1922, théadh teachtaireachtaí óna Marconi Towers i Nova Scotia go Leitir Fraic, agus ón gClochán go Louisburg i Nova Scotia. Aistríodh an tseirbhís go Tywyn na Breataine Bige nuair a scriosadh stáisiun an Chlocháin sa bhliain 1922 mar thoradh ar an gCogadh Cathartha.

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Leitir Fraic/Letterfrack | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.