Leictridinimic chandamach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Teoiric ar idirghníomhuithe leictreamaighnéadacha a shaothraigh na fisiceoirí Meiriceánacha Richard Feynman is Julian Schwinger (1918-1994), an fisicí Seapánach Sinichiro Tomonaga (1906-1979), agus daoine eile sna 1940idí. Tugtar QED uirthi freisin. Idirghníomhaíonn cáithníní fo-adamhacha luchtaithe trí fhótóin, candaim na radaíochta leictreamaighnéadaí. Réamhinsíonn an teoiric g-fhachtóir an leictreoin agus na leibhéil fuinnimh adamhaigh go han-chruinn. Is tomhasteoiric fréamhshamhla í seo, agus bunaíodh teoiricí na bhfórsaí núicléacha ar an tsamhail seo.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Leictridinimic chandamach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 406.