Richard Feynman

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRichard Feynman

(1984) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Richard Phillips Feynman
Beathaisnéis
Breith11 Bealtaine 1918
Far Rockaway, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Bás15 Feabhra 1988
69 bliana d'aois
UCLA Ronald Reagan Medical Center, California (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Abdominal cancer (en) Aistrigh)
Áit adhlacthaMountain View Cemetery and Mausoleum (en) Aistrigh, FOUNDERS-4390-11 34°11′12″N 118°08′49″W / 34.18663°N 118.14681°W / 34.18663; -118.14681 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn tAindiachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Princeton - dochtúireacht (1939–1942)
Institiúid Teicneolaíochta Massachusetts - céim bhaitsiléara (1935–1939)
Far Rockaway High School (en) Aistrigh (1931–1935) Cuir in eagar ar Wikidata
Tráchtas acadúilThe principle of least action in quantum mechanics (1942 Cuir in eagar ar Wikidata)
Comhairleoir dochtúireachtaJohn Archibald Wheeler
Áit chónaitheFar Rockaway
Los Alamos
Altadena
Teanga dhúchaisBéarla Meiriceánach
Gníomhaíocht
Réimse oibreLeictridinimic chandamach, fisic cháithníní agus fisic
Gairmfisiceoir, cnagcheoltóir, fisiceoir teoiriciúil, cumarsáidí eolaíochta, polaiteoir, múinteoir ollscoile, cumadóir, scríbhneoir, fisiceoir chandamach, údar Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirCalifornia Institute of Technology (1950–1988)
Ollscoil Cornell (1945–1950)
Tionscadal Manhattan (1941–1945) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Mac/iníon léinn de chuidAbram Bader
Mac/iníon léinnRobert Barro agus William Daniel Hillis
Faoi thionchar
Ainm cleiteOfey Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla agus an Phortaingéilis
Ghlac sé/sí páirt i
1939Tionscadal Manhattan Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Mac léinn dochtúireachtaGeorge Zweig, Thomas Curtright, Michel Baranger, Al Hibbs, Laurie Brown, Howard Arthur Kabakow, Philip Moss Platzman, Marvin Chester, Koichi Mano, Michael Cohen, Samuel Morris Berman, Frank Lee Vernon, Jr., Willard Henry Wells, Carl Iddings, Henry Hoyt Hilton, Giovanni Rossi Lomanitz, Finn Ravndal, Elisha R. Huggins, Steven Kenneth Kauffmann, James M. Bardeen agus Frank Edward Barnes
Teaghlach
CéileArline Feynman (1942–1945), bás a c(h)éile Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteMichelle Feynman, adopted daughter (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairMelville Arthur Feynman  agus Lucille Feynman
SiblínJoan Feynman
Gradam a fuarthas
Síniú

Suíomh gréasáinrichardfeynman.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0275509 IBDB: 92116
TED: richard_feynman Spotify: 3vfvURSGZedbEUNt3PruCj Last fm: Richard+Feynman Musicbrainz: 5338b697-7647-4bd8-a288-c0fef9bba9f4 Discogs: 823142 Allmusic: mn0001697611 Find a Grave: 2562 Cuir in eagar ar Wikidata

Fisiceoir ab ea Richard Phillips Feynman (11 Bealtaine 191815 Feabhra 1988.) Saolaíodh i Nua-Eabhrac é. Ba de bhunadh na nGiúdach ó oirthear na hEorpa a thuismitheoirí. Melville Feynman an t-ainm a bhí ar a athair, fear gnó ab ea é. Ba mhúinteoir cáilithe í a mháthair, darbh ainm Lucille Phillips.

Tógadh i Nua-Eabhrac é, rinne sé a bhunchéim in MIT (Massachusetts Institute of Technology) agus bhain sé a chéim dochtúra amach ó Ollscoil Princeton sa bhliain 1942. Bhí sé páirteach sa Tionscadal Manhattan a rinne an chéad bhuama adamhach sa bhliain 1945. Ceapadh é mar Ollamh le Fisic Theoiriciúil in Ollscoil Cornell sa bhliain 1945 agus sa bhliain 1950 d’fhág sé Cornell agus ghlac sé an post céanna in Caltech (California Institute of Technology).

Bronnadh Duais Nobel na Fisice air sa bhliain 1965 in éineacht le Sin-Itiro Tomonaga agus Julian Schwinger dá saothar ar leictridinimic chandamach.

Bhí sé ina cheann de na himscrúdaitheoirí oifigiúla tar éis thubaiste spástointeálaí Challenger.

Fuair a chéad bhean chéile bás de bharr eitinn sa bhliain 1945 agus phós sé faoi dhó arís. Bhí beirt pháistí aige lena tríú bean chéile Gweneth Howarth. Cailleadh é ar 15 Feabhra 1988, bhí ailse air.