Lech Kaczyński

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaLech Kaczyński

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith18 Meitheamh 1949
Vársá, An Pholainn Cuir in eagar ar Wikidata
Bás10 Aibreán 2010
60 bliana d'aois
Smolensk, An Rúis Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás tionóisceach (Timpiste eitlíochta)
Áit adhlacthaWawel Cathedral (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
4 Uachtarán na Polainne
23 Nollaig 2005 – 10 Aibreán 2010 (bás an duine)
← Aleksander KwaśniewskiBronisław Komorowski →
Méara Vársá
18 Samhain 2002 – 22 Nollaig 2005
← Wojciech KozakMirosław Kochalski →
Minister of Justice (en) Aistrigh
12 Meitheamh 2000 – 4 Iúil 2001
← Jerzy BuzekStanisław Iwanicki →
Ball de Sejm Phoblacht na Polainne
1991 – 1993
Member of the Senate of the Republic of Poland (en) Aistrigh
1989 – 1991 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach agus Caitliceachas
Scoil a d'fhreastail sé/síFaculty of Law and Administration, University of Warsaw (en) Aistrigh - dlí-eolaíocht (1967–1971)
XXXIX LO im. Lotnictwa Polskiego in Warsaw (en) Aistrigh (–1967)
XLI Liceum Ogólnokształcące im. Joachima Lelewela w Warszawie (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilhabilitation
Comhairleoir dochtúireachtaCzesław Jackowiak
Teanga dhúchaisan Pholainnis
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Vársá
Gdańsk Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, aisteoir scannáin, saineolaí dlí, ceardchumannaí, múinteoir ollscoile, dlíodóir, léachtóir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Gdańsk
Cardinal Stefan Wyszyński University in Warsaw (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaReacht agus Ceartas (–2006)
Centre Agreement (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Spéis aige/aici iMadra, Felis agus Brocaire Albanach
TeangachaAn Pholainnis
Ghlac sé/sí páirt i
4 Aibreán 1989Polish Round Table Agreement (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Mac léinn dochtúireachtaJakub Stelina
Teaghlach
TeaghlachTeaghlach Kaczyński Cuir in eagar ar Wikidata
CéileMaria Kaczyńska (1978–2010), bás an duine, bás a c(h)éile Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteMarta Kaczyńska Cuir in eagar ar Wikidata
AthairRajmund Kaczyński  agus Jadwiga Kaczyńska
SiblínJarosław Kaczyński
Croineolaíocht
10 Aibreán 2010Smolensk air disaster (en) Aistrigh
23 Deireadh Fómhair 20052005 Polish presidential election (en) Aistrigh
1983sacrament of marriage (en) Aistrigh
27 Aibreán 1978civil marriage (en) Aistrigh (Vársá)
state funeral of Lech Kaczyński and Maria Kaczyńska (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú

Suíomh gréasáinpresident.pl… Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm1007332 Find a Grave: 50914481 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba é Lech Aleksander Kaczyński uachtarán na Polainne ó 2005 go 2010. Rugadh an cúpla comhionann Lech agus Jarosław Kaczyński ar an 18ú lá de mhí an Mheithimh 1949 i Vársá. Throid a athair i gcoinne na Naitsithe in Éirí Amach Vársá.[1]

Coimeádach cruthanta a bhí ann, agus d'éirigh sé antoisceach de chuid na heite deise de réir a chéile.

Dlí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Céimí sa dlí agus riarachán de chuid Ollscoil Vársá, fuair Kaczyński PhD ó Ollscoil Gdańsk sa bhliain 1980.[2] Ansin chríochnaigh sé ard-dhochtúireacht (maidir le dlí saothair agus fostaíochta) i 1990.

Bhí sé ina ánra taighde in Ollscoil Gdańsk ó 1971 go 1997 agus ina ollamh comhlach ansin (1996-99). Bliain níos déanaí, fuair sé post mar ollamh in Ollscoil an Chairdinéil Stefan Wyszynski i Vársá (ó 1999 go dtí go bhfuair sé bás),[3]

Gníomhaíochas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh Lech ag obair in éineacht le grúpaí a bhí i gcoinne an réimis chumannaigh i lár na 1970idí, ag tabhairt oiliúint sa dlí saothair d'oibrithe a ghlacadh páirt i ngluaiseacht na gceardchumann neamhspleách.

Lech Wałęsa, Andrzej Kołodziej & Lech Kaczyński i1980

Bhí sé ina chomhairleoir do na stailceoirí i Longchlós Gdańsk sa bhliain 1980 agus bhí sé go mór chun cinn sa cheardchumann neamhspleách Solidarność ina dhiaidh sin.

Mar gheall air sin, rinneadh é a imtheorannú tar éis don dlí míleata a bheith fógartha, ó Nollaig 1981 go Deireadh Fómhair 1982. Nuair a scaoileadh saor é, thosaigh sé ag obair le gluaiseacht faoi cheilt na gceardchumann neamhspleách arís agus faoi dheireadh na 1980idí bhí sé ina chomhairleoir ríthábhachtach do Lech Walesa agus ghlac sé páirt sna comhráite comhstádais a tháinig roimh athrú na Polainne ina tír dhaonlathach.

2007

Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar sheanadóir (in ainm a bheith) neamhpháirtí sna 1990idí agus 2000idí, bhí postanna éagsúla ag Lech, ceannaire na hOifige Iniúchóireachta Uachtaraí (1992-95) agus an tAire Dlí agus Cirt (2000-2001) san áireamh. Bhain sé cáil amach mar dhuine a bhí go láidir i gcoinne na caimiléireachta.

géarleanúint ar an lucht aerach

Sa bhliain 2002, chuir Lech Kaczyński agus a leathchúpla comhionann Jaroslaw, "Prawo i Sprawiedliwość" nó Páirtí an Dlí agus Cirt, ar bun. Ba é méara Vársá é ó 2002 go 2005.

An bhliain dár gcionn toghadh Lech ina mhéara ar Vársá. Sa phost sin, dhiúltaigh sé cead do mórshiúlta ar son Bhród na nAerach i Vársá faoi dhó.[4] Shocraigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine gur sáraíodh ar an gcaoi sin Airteagal 11 den Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.

Toghadh Lech ina Uachtarán ar an bPolainn sa bhliain 2005, tar éis dó gealltanais a thabhairt

  • go rachfaí i ngleic leis an gcaimiléireacht,
  • go méadófaí dlúthpháirtíocht shóisialta,
  • go ndíreofaí aird ar choireanna an réimis chumannaigh agus
  • go gcuirfí an dlí ar na daoine a bhí freagrach astu, agus
  • go seasfaí an fód in aghaidh gach aon éileamh ar chúiteamh ó dhuine ar baineadh a chuid maoine de agus a ruaigeadh as an bPolainn i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda.
Benedict XVI le Jaroslaw agus Lech Kaczyński

Nuair a bhí sé ag seasamh don pháirtí "Prawo i Sprawiedliwość", chosain sé i Mí Aibreán sa bhliain 2006 an stáisiún Radio Maryja go tréan ar an gcáineadh, agus é den bharúil go bhfuil cead cainte ag cách, ag Radio Maryja fiú, i dtír shaor.

Bhí a dheartháir Jarosław ina Phríomh-Aire ar an bPolainn ó 2006 go 2007.

Bás conspóideach[cuir in eagar | athraigh foinse]

tuairt eitleáin i Smolensk, An Rúis

Fuair Kaczyński - agus pearsana eile poiblí agus míleata - bás i dtubaiste aeir sa Rúis ar an 10 Aibreáin 2010,[5] ag taisteal chun cuimhneacháin in Katyn in aice le Smolensk.[6] Thuairteáil Tu-154 de chuid Aerfhórsa na Polainne. D'éag 95 eile sa tuairt.[7] Deirtear gurb í an aimsir ba chúis leis an timpiste, a tharla faoi chúinsí amhrasacha de réir lucht Kaczyński. Tharla an tragóid in aice le Katyn, inar dúnmharaíodh fiche mhíle oifigigh de chuid arm na Polainne, ar ordú Rialtais an Aontais Sóivéadach ar 5 Márta 1940.[8]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Séamas Poncán (2010-04-13). "An Caomhach: I nDilchuimne ar Lech Kaczyński". An Caomhach. Dáta rochtana: 2020-04-10.
  2. "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-04-10.
  3. fuair sé cead neamhláithreachta tar éis dó a bheith tofa mar Uachtarán na Polainne
  4. 47 Sráid Harrington Baile Átha Cliath 8 Éire Teil: +3531 675 1922. "Seal sa Pholainn" (ga). LeabhairCOMHAR. Dáta rochtana: 2020-04-10.
  5. Houses of the Oireachtas (2010-04-20). "Death of Polish President: Expressions of Sympathy. – Dáil Éireann (30th Dáil) – Tuesday, 20 Apr 2010 – Houses of the Oireachtas" (en-ie). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2020-04-10.
  6. Anonymous (2016-06-16). "Stair an Aontais Eorpaigh - 2010" (en). an tAontas Eorpach. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-04-10. Dáta rochtana: 2020-04-10.
  7. "Lech Kaczyński" (as en) (2020-03-28). Wikipedia. 
  8. Eoin Ó Riain (2010-04-15). "Tubaist na Pólainne". An Codú. Dáta rochtana: 2020-04-10.