La Sylphide (bailé)
Foirm cheoil | bailé |
---|---|
Cumadóir | Jean Schneitzhoeffer |
Leabhrógaí | Adolphe Nourrit |
Suíomh scéalaíochta | Na Garbhchríocha |
Céadléiriú | |
Céadléiriú | 12 Márta 1832 |
Suíomh an chéad léirithe | Paris Opera (en) |
Taibheoir | Marie Taglioni |
Ar 12 Meán Fómhair 1832, léiríodh an bailé rómánsúil, La Sylphide, de chuid Filippo Taglioni den chéad uair.[1] Gailtean (spiorad) agus / nó sliseog (bean) is ea an Sylphide (Sylph i mBéarla).
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Mar a tharla i gcás an cheoil, na litríochta, agus na n-amharcealaíona, bhí tionchar an-mhór ag an Rómánsachas ar an mbailé.[2] Chuidigh dul chun cinn nua san ealaín, amhail forbairt na teicníce pointe,[3] níos mó airde ar an gceol agus béim ar mhothú leis na damhsóirí a ullmhú do na héilimh a tháinig isteach leis an dá léiriú is tábhachtaí de ré an bhailé rómánsaigh: La Sylphide agus cúpla bliain níos déanaí, Giselle (de Théophile Gautier sa bhliain 1841).[2]
An chéad léiriú
[cuir in eagar | athraigh foinse]B'ócáid stairiúil í. Cur chuige nua-aimseartha amach is amach a bhí annː
- Nochtadh an plota tarraingteach de réir a chéile.
- Bhain an feisteas stáitse an anáil den lucht féachana
- Chaith na bailéiríní an tútú trédhearcach (an feisteas damhsa nó gúna) don chéad uair riamh agus bhí siad ar a mbarraicíní an t-am ar fad, éacht nua.
Chuir August Bournonville leagan eile ar an stáitse sa bhliain 1836, Marius Petipa (le Varvara Nikitina) i Cathair Pheadair in 1892, agus Pierre Lacotte i bPáras in 1972.
In Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuirfidh scolairí Regina Rogers School of Ballet féile bailé i láthair sa Taibhdhearc, le sleachta ó La Sylphide a bhliain 2020.
Naisc
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Rudolf Noureev agus Margot Fonteyn ag cleachtadh timpeall 1971 don Royal Ballet, Londain, ar Youtube[4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ lisapascaretti (2021-01-09). "Histoire d’un ballet : La Sylphide …" (fr-FR). Plumes, pointes, palettes et partitions. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-09-13. Dáta rochtana: 2022-09-13.
- ↑ 2.0 2.1 artscouncil.ie (Samhain 2013). "AN CHOMHAIRLE EALAÍON ATHBHREITHNIÚ AR AN MBEARTAS BAILÉ". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ ar bharr na ladhracha nó ar na barraicíní
- ↑ an Royal Ballet, Londain, ar Youtube (timpeall 1971). "Rudolph Nureyev rehearsing" (as en).