Jump to content

Kevin McAleer

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaKevin McAleer
Beathaisnéis
Breith1956
67/68 bliana d'aois
An Ómaigh, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfuirseoir ar a boinn Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1980í – inniu
Faoi thionchar
Saothar
Saothar suntasach

IMDB: nm0563926 Cuir in eagar ar Wikidata

Is fuirseoir Éireannach é Kevin McAleer (a rugadh in 1956). Tháinig sé chun suntais ar an gclár teilifíse de chuid RTÉ Nighthawks, a thosaigh ag craoladh go déanach sna 1980idí. Bhain McAleer clú amach lena chuid sceitsí trí nóiméad[1] de scéalta osréalacha tuathúla, á n-insint faoina bhlas malltriallach Eoghanach. Dúirt léirmheastóir amháin gur chuir McAleer an “dead back into deadpan”.[2] In 2022 thug sé a sheó aonair Why am I Here ar camchuairt agus bhí páirt an fhir rí-leadránaigh Uncail Colm aige in Derry Girls ar Channel 4.[3]

D'fhógair sé sa bhliain 2024 go raibh sé ag éirí as an bhfuirseoireacht ar a bhoinn, le seónna deiridh i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste.

Saol pearsanta agus an scríbhneoireacht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá cónaí ar McAleer san Ómaigh, Contae Thír Eoghain; creideann sé gur tháinig borradh ar a chuid buanna grinn agus é sa seomra ranga, agus bhí sé ina chónaí in Barcelona na Catalóine ar feadh tréimhse.[4]

I mí Iúil 2009, dúirt McAleer go raibh an chéad dréacht de leabhar faoi John F. Kennedy críochnaithe aige.[5] Tá an leabhar gan chríochnú go dtí seo.[6] Scríobhann sé ina oifig san Ómaigh, agus ar na daoine a d'imir tionchar air luann sé Flann O’Brien, James Joyce, Don DeLillo, Umberto Eco agus Nikolai Gogol.[7]

Scríobhann McAleer píosaí grinn ó am go chéile don Irish Times, ag tabhairt a fhreagra d’imeachtaí reatha ar nós na Breatimeachta.[8]

  • Resurrection Man (1998) arna stiúradh ag Marc Evans
  • The Gossip Show (2008) le Andrew Janet
  • A Christmas Star (2017) arna stiúradh ag Richard Elson
  • Nighthawks - sraith teilifíse, 298 eipeasóid (1988 - 1992)
  • Derry Girls - sraith teilifíse, 6 eipeasóid (2018 - 2022)
  1. "Comedian Kevin McAleer" (en). RTÉ. Dáta rochtana: 2024-10-03.
  2. "The Quiet Man". The Irish Times. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 8 Deireadh Fómhair 2012.
  3. Kate Demolder (11 Eanáir 2018). "Everybody loved Uncle Colm on this week's Derry Girls". Joe.ie. Dáta rochtana: 15 Meán Fómhair 2020.
  4. "Kevin McAleer @ the High Tide Club, Castletownbere, Sat Nov 26th 8pm | westcorktimes.com" (2016-11-13). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-11-13.
  5. "It's the battle of the books - Irish celebs writing on JFK" (en). Irish Independent.
  6. "Kevin McAleer on his obsession with JFK’s murder 52 years ago today" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2024-10-03.
  7. "Kevin McAleer" (en). Irish Independent (2008-09-13). Dáta rochtana: 2024-10-03.
  8. Kevin McAleer (28 Meitheamh 2016). "Happy Brexmas from Kevin McAleer" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2024-10-03.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]