Juan Rulfo

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJuan Rulfo

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(es) Juan Nepomuceno Carlos Pérez Rulfo Vizcaíno
16 Bealtaine 1917
Sayula, Meicsiceo Cuir in eagar ar Wikidata
Bás7 Eanáir 1986
68 bliana d'aois
Cathair Mheicsiceo, Meicsiceo Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha
Gníomhaíocht
Réimse oibreBelles-lettres, scannán agus grianghrafadóireacht
Gairmscríbhneoir, grianghrafadóir, scríbhneoir scripte, úrscéalaí Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Faoi thionchar
TeangachaAn Spáinnis
Saothar
Saothar suntasach
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinelem.mx… Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0750031 Allmovie: p314452
Musicbrainz: a518872e-c078-40ce-8dba-444ef83e6c71 Discogs: 2342289 Find a Grave: 7943903 Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir Meicsiceach ab ea Juan Rulfo (fíorainm: Juan Nepomuceno Carlos Pérez-Rulfo Vizcaíno). Rugadh i Sayula (stát Jalisco) i Meicsiceo é ar an 16 Bealtaine 1917, agus fuair sé bás i gCathair Mheicsiceo ar an 7 Eanáir 1986.

Cé nár fhoilsigh sé riamh ach dhá leabhar, agus iad féin sách seang, glactar leis inniu go raibh tionchar mór aige ar scríbhneoirí de chuid Mheiriceá Laidinigh agus ar fhorbairt an réalachais draíochta.

Scríobh sé úrscéal amháin, Pedro Páramo, agus cnuasach amháin gearrscéalta, El Llano en Llamas ("An Machaire ar Bharr Lasrach").

A la batalla (Cristeros) 1928

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba í stair chorrach Mheicsiceo príomhábhar na leabhar Pedro Páramo a d'fhoilsigh Rulfo, idir réabhlóid na mblianta 1910-20 agus chogadh na gCristeros sa bhliain 1927. Iar-thiarnaí talún ab ea iad a mhuintir a chaill a gcuid tailte agus fáltais i rith na gcogaí seo. Mar sin, tháinig sé go nádúrtha aige na himeachtaí sin a phlé ina chuid scríbhneoireachta.

Cé nach raibh sé bisiúil mar scríbhneoir leabhar, rinne sé an-obair mar scriptscríbhneoir scannán. Chomhoibrigh sé le beirt scríbhneoirí tábhachtacha eile, Carlos Fuentes agus Gabriel García Márquez, leis an script a scríobh don scannán El Gallo de Oro ("An Coileach Órga") a tháinig ar an scáileán sa bhliain 1964.

Grianghrafadóir éirimiúil a bhí ann freisin, cé nach bhfacthas mórán dá shaothar go poiblí roimh a bhás. Chaith sé tréimhse fhada ina cheannasaí ar Institiúid Náisiúnta na bPobal Bundúchasach (Instituto Nacional Indigenista), foras oifigiúil an rialtais Mheicsicigh le haghaidh riarachán chúrsaí na mbundúchasach sa tír, agus san am sin, d'fhéach Rulfo chuige gur doiciméadaíodh saol na bpobal bundúchasach i ngrianghraif agus gur foilsíodh na grianghraif sin faoi chlúdach leabhar.

D'éag i gCathair Mheicsiceo, príomhchathair na tíre, ar an 7 Eanáir 1986.

Scríbhneoireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í an stíl insinte ba mhó a thabhaigh a chlú do Rulfo, go háirithe síorláithreacht an bháis san úrscéal.

Ediciones RM Verlag

Pedro Páramo[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceann de na mór chlasaicí as litríocht na Spáinnise is ea Pedro Páramo, a scríobh Juan Ruflo i 1955.[1][2] Fáthscéal sárchumhachtach na beatha daonna féin atá ann, agus téamaí uilíocha ina luí faoi screamh neamhghnách an fháthscéil. Sula bhfaigheann sí bás, baineann máthair geallúint as a mac go dtabharfaidh sé cuairt ar a háit dhúchais. Is gearr go bhfaigheann sé amach, áfach, nach neamh ar talamh é an baile seo ach ifreann marbh.[3]

I dtús an úrscéil, téann fear óg darb ainm Juan Preciado ar lorg a athar, Pedro Páramo, lena cheart a éileamh air. Tá a mháthair tar éis bháis, agus nuair a bhí sí ag saothrú an bháis, d'impigh sí ar Juan Preciado dul i dteagmháil le Pedro Páramo - is é an chuma atá ar an scéal go bhfuil Pedro Páramo tar éis máthair Juan a leagan suas nuair a bhí sí óg, gan bacadh leis an gcailín ná leis an mac ina dhiaidh sin.

Téann Juan go Comala, áit a bhfuil cónaí ar Pedro Páramo, ina dhiaidh sin, ach de réir a chéile tagann sé chun solais go bhfuil Páramo marbh, go bhfuil muintir na háite go léir marbh, agus go bhfuil Juan Preciado féin marbh.

Ar nós Cré na Cille seo againne, comhrá na gcorpán is bun leis an scéal, agus léirítear ann na suáilcí is na duáilcí a thiomáineann an duine, brúidiúlacht lucht na cumhachta agus fulaingt na cosmhuintire.

Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an t-úrscéal Pedro Páramo ar fáil i nGaeilge freisin, ó d'aistrigh Tomás Mac Síomóin é.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Juan Rulfo / Tomás Mac Síomóin a d’aistrigh (2008). "Pedro Páramo | Litríocht" (ga). Dáta rochtana: 2022-01-07.
  2. "Pedro Paramo Juan Rulfo Tomas Mac Siíomóin". www.coisceim.ie. Dáta rochtana: 2022-01-07.
  3. "Pedro Páramo" (ga-IE). An Ceathrú Póilí. Dáta rochtana: 2022-01-07.