Josemaría Escrivá

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Josemaría Escrivá
Josemaria Escriva.jpg
séiplíneach


uachtarán ar chumann sagartúil na Croise Naofa

Feabhra 14, 1943 - Meitheamh 26, 1975 - Álvaro del Portillo
Saol
Ainm iomlánJosé María Julián Mariano Escrivá Albás
Eolas breitheBarbastro, 9 Eanáir 1902
NáisiúntachtAn Spáinn
Áit chónaitheBarbastro
Logroño
Zaragoza
Maidrid
Villa Tevere (en) Aistrigh
BásAn Róimh, 26 Meitheamh 1975
Áit adhlacthaprelatic church of Our Lady of Peace (en) Aistrigh
Cúis bháis (galar)
Muintir
AthairJosé Escrivá y Corzán
MáthairMaría de los Dolores Albás y Blanc
Siblíní
Teaghlach
liosta iomláin
Oideachas
Alma materFaculty of Law of the University of Zaragoza (en) Aistrigh
Pontifical Lateran University (en) Aistrigh
Universidad Central
San Lorenzo School of the Piarists (en) Aistrigh
Leibhéal oideachaisdochtúireacht
dochtúireacht
TeangachaAn Spáinnis
An Iodáilis
MúinteoiríJosé Pou de Foxá
Gairm
Gairmsagart Caitliceach Rómhánach, scríbhneoir agus dlíodóir
Saothar iomráiteachOpus Dei
Duaiseanna
BallraíochtOpus Dei
Priestly Society of the Holy Cross (en) Aistrigh
Féile
26 Meitheamh
Cleamhnú
ReiligiúinEaglais Chaitliceach Rómhánach

Sagart Caitliceach Rómhánach Spáinneach ab ea Josemaria Escrivá de Balaguer y Albás (9 Eanáir 1902 - 26 Meitheamh 1975) a bhunaigh Opus Dei, eagraíocht de thuataí agus sagairt atá tiomnaithe don teagasc go dtugann Dia glaoch ar gach duine chun naofachta agus go bhféadfadh naofach a bheith mar thoradh ar an ngnáthshaol. Chanónaigh an Pápa Eoin Pól II é sa bhliain 2002, a dhearbhaigh gur cheart Josemaría a "áireamh i measc fhinnéithe móra na Críostaíochta.

Fuair Escrivá dochtúireacht sa dlí sibhialta in Universidad Complutense de Madrid (Gaeilge: Ollscoil Complutense i Maidrid) agus dochtúireacht sa diagacht in Pontificia Università Lateranense (Gaeilge Ollscoil Lateran sa Róimh). Ba é a phríomhobair ná tionscnamh, rialtas agus leathnú amach Opus Dei. Is é an foilseachán is cáiliúla ag Escrivá ná Camino, a aistríodh go 43 teanga agus a dhíol roinnt mhilliún cóip.

Cuireadh rúndacht, éilíteachas, cleachtais mar a bheadh cultas, agus baint pholaitiúil le cúiseanna na heite deise, amhail riail Francisco Franco sa Spáinn (1939-1975) síos do Escrivá agus Opus Dei. Tar éis a bháis, tharraing roinnt Chaitliceach agus an phreas domhanda aird ar a chanónú. D'áitigh roinnt iriseoirí a rinne imscrúdú ar stair Opus Dei, ina measc anailísí na Vatacáine John L. Allen Jr., go bhfuil go leor de na líomhaintí seo neamhchruthaithe nó tar éis fás ó líomhaintí ó naimhde Escrivá agus a eagraíocht. [1] Thacaigh an Cairdinéal Albino Luciani (an Pápa Eoin Pól I ina dhiaidh sin), [2] Eoin Pól II, Benedict XVI, Francis, Óscar Romero, agus go leor ceannairí Caitliceacha le teagasc Escrivá maidir leis an nglao uilíoch ar naofacht, ról na dtuataí, agus naomhú an ghnáthobair. [3] Dar le Allen, i measc Caitlicigh, tá Escrivá “á athbhreithniú ag cuid agus á urramú ag na milliúin níos mó”.

Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh José María Mariano Escrivá y Albás do José Escrivá y Corzán agus a bhean chéile, María de los Dolores Albás y Blanc an 9 Eanáir 1902, i mbaile beag Barbastro, i Huesca, Aragón, sa Spáinn, an dara duine as seisear leanaí agus an an chéad duine de bheirt mhac. Ceannaí agus comhpháirtí i gcuideachta teicstíle ab ea José Escrivá a rinneadh féimheach de sa deireadh, ag cur iallach ar an teaghlach athlonnú sa bhliain 1915 go cathair Logroño, i gCúige thuaidh La Rioja, áit ar oibrigh sé mar chléireach i siopa éadaí. Tuairiscítear gu bhraith Josemaría óg ar dtús gur “roghnaíodh é as rud éigin”, nuair a chonaic sé lorg coise fágtha sa sneachta ag manach ag siúl cosnochta.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Zenit News Agency. http://www.zenit.org/article-12784?l=french
  2. A. Luciani, "Cercando Dio nel lavoro quotidiano", in Il Gazzettino, Venice, July 25, 1978.
  3. Opus Dei Official Site. http://www.opusdei.us/art.php?p=12238