Óscar Romero
Óscar Romero | |||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
![]() | |||||||||
Aibreán 5, 1970 - Deireadh Fómhair 15, 1974 ← Francisco Raval Cruces (en) ![]() Deoisí: Tambeae (en) ![]()
Aibreán 25, 1970 - Deireadh Fómhair 15, 1974 Deoisí: Ard-Deoise Chaitliceach San Salvador
Deireadh Fómhair 15, 1974 - Feabhra 3, 1977 ← Francisco José Castro y Ramírez (en) ![]() ![]() Deoisí: Deoise Chaitliceach Santiago de María
Feabhra 3, 1977 - Márta 24, 1980 ← Luis Chávez y González (en) ![]() ![]() Deoisí: Ard-Deoise Chaitliceach San Salvador | |||||||||
Saol | |||||||||
Ainm iomlán | Óscar Arnulfo Romero Galdámez | ||||||||
Eolas breithe | Ciudad Barrios (en) ![]() | ||||||||
Náisiúntacht | An tSalvadóir | ||||||||
Bás | San Salvador, 24 Márta 1980 | ||||||||
Oideachas | |||||||||
Alma mater | Pontifical Gregorian University (en) ![]() | ||||||||
Teangacha | An Spáinnis | ||||||||
Gairm | |||||||||
Gairm | sagart Caitliceach Rómhánach | ||||||||
Féile | |||||||||
24 Márta | |||||||||
Cleamhnú | |||||||||
Reiligiúin | Caitliceachas | ||||||||
![]() |
Ardeaspag de chuid na Salvadóire ab ea Óscar Romero y Galdámez, beannaithe (15 Lúnasa 1917 – 24 Márta 1980).[1]
Cháin an tArdeaspag Romero imeaglú an phobail go rialta, agus é ag lorg go gcuirfí leasuithe sóisialta agus eacnamaíocha i bhfeidhm sa tír.[2] Tá an-mheas ag cosmhuintir El Salvador ar an Ardeaspag Romero inniu.[3] Meastar gur mharaigh an rialtas é mar gur cháin sé go minic an leatrom a bhí á imirt ag Rialtas El Salvador ar mhuintir na tíre.[4]
Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rugadh i Ciudad Barrios, an tSalvadóir é.
D'éirigh Romero ina ardeaspag ar San Salvador ar 23 Feabhra 1977.
Sheas sé an fód ina thír dhúchais nuair a bhí cinsireacht na meán agus agus sárú ar chearta an duine ar siúl. Labhair an t-ardeaspaig amach ar an raidió i gcoinne na ndúnmharuithe, i gcoinne na bochtaineachta, i gcoinne na ndrugaí agus i gcoinne chéasadh forleathan na ndaoine.[5]
Ba iad a shearmóintí ar an raidió an t-aon slí amháin ag daoine teacht ar an bhfírinne faoin léirscrios a bhí ar siúl sa tír. Bhí sé i gcoinne na cinsireachta a bhí ar siúl sa tír agus ghlac sé ról an chraoltóra chuige féin go feasach agus go fonnmhar.[5]
Feallmharú[cuir in eagar | athraigh foinse]
Lámhachadh an tArdEaspag Romero ar 24 Márta 1980 agus Aifreann á rá aige .. i séipéal ospidéil. Buíon fear, drong na heite deise,[6] a raibh baint acu le hArm El Salvador a chreidtear a bhí freagrach as an bhfeallmharú.
Níor theastaigh ó dhaoine áirithe go leanfadh sé air ag caint. Sa deireadh cuireadh ina thost go buan é.[7]
Sochraid[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí tórramh mór leis. Bhí 250,000 i láthair ag a shochraid, ceannairí eaglasta ón tír seo ina measc. Scaoil buíon fear leis an slua ag an tsochraid freisin agus maraíodh suas le leathchéad.[4]
Chuir na himeachtaí seo tús le cogadh cathartha.
Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]
D'fhógair an Pápa Proinsias gur mairtíreach is ea an tArdeaspag sa bhliain 2015 agus gur laoch é Oscar Romero don Eaglais Chaitliceach i Meiriceá Láir agus Theas.
Rinneadh naomh de Romero sa bhliain 2018. Ainmnigh an Pápa Frances ina naomh é ar 14 Deireadh Fómhair 2018. Bhí na sluaite i láthair ag searmanas a bheannaithe sa phríomhchathair San Salvador.
Éire[cuir in eagar | athraigh foinse]
In 2013, chuaigh an tUachtarán Michael D Higgins go tuama Óscar Romero in Ardeaglais San Salvador lena mheas féin air a léiriú.[8] Thug an tUachtarán Ó hUigínn cuairt ar an Monumento a la Memoria y la Verdad in El Salvador, leacht i gcuimhne orthu siúd a maraíodh sa choimhlint agus ainmneacha 30,000 duine a dúnmharaíodh nó a d’imigh gan tásc ná tuairisc greanta ar bhalla fada.[9] Léirigh an tUachtarán a ómós don Easpag Romero, a bhfuil a ainm i measc na n-ainmneacha ar an leacht cuimhneacháin.
Tá gradam agus ciste ainmnithe i ndiaidh Óscar Romero ag carthanas na hEaglaise Caitlicí in Éirinn Trócaire.[2]
Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Beochan de chuid Trocaire ar Vimeo
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Séamus Ware (ISBN 0955360536). "Fáithe an Fichiú hAois | Litríocht" (ga). Dáta rochtana: 2022-03-24.
- ↑ 2.0 2.1 trocaire.org. "OIDEACHAS REILIGIÚNACHː ACMHAINN DON IAR-BHUNSCOIL". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ Nuacht RTÉ (2018-03-07). "Naomh le déanamh den Ardeaspag Óscar Romero" (as ga).
- ↑ 4.0 4.1 Nuacht RTÉ (2015-02-03). "Oscar Romero le beannú ag an Eaglais Chaitliceach" (as ga).
- ↑ 5.0 5.1 Catherine Foley (2018). "Jamal Khashoggi, an chinsireacht agus ceird uasal na hiriseoireachta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-03-24.
- ↑ Balor. "An tSúil Nimhe" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2022-03-24.
- ↑ "BBC World Service - Witness History, The killing of Archbishop Romero" (en-GB). BBC. Dáta rochtana: 2019-03-24.
- ↑ Office of the President of Ireland. "Diary President Visits Cathedral And Tomb Of Archbishop Romero" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2022-03-24.
- ↑ Office of the President of Ireland. "Diary President Views The Monument To Memory And Truth And Attends An Ngo Partner" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2022-03-24.