Josef von Fraunhofer

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJosef von Fraunhofer

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(de) Joseph Fraunhofer
Beathaisnéis
Breith6 Márta 1787
Straubing (An Impireacht Naofa Rómhánach)
Bás7 Meitheamh 1826
39 bliana d'aois
München (Cónaidhm na Gearmáine)
Siocair bháisBás nádúrtha (Eitinn)
Áit adhlacthaAlter Südfriedhof 48°07′37″N 11°33′50″E / 48.126972°N 11.563917°E / 48.126972; 11.563917 Cuir in eagar ar Wikidata
Ollamh Acadamh Eolaíochtaí agus Daonnachtaí na Baváire
1824 – Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreFisic
Gairmfisiceoir, réalteolaí, ceimiceoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Ludwig Maximilian, München
Mathematisch-Feinmechanisches Institut Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Ghearmáinis
Gradam a fuarthas

Find a Grave: 6049 Cuir in eagar ar Wikidata

Fisicí is radharceolaí a rugadh i Straubing na Gearmáine ab ea Josef von Fraunhofer (6 Márta 17877 Meitheamh 1826). Fágadh ina dhílleachta é nuair a bhí sé 11 bliain d'aois. Cuireadh ag obair mar phrintíseach é chuig gloineadóir a choinnigh lámh chrua leis. D'éirigh leis, áfach, sár-oilteacht ar dhéantús na gloine a bhaint amach. Is dócha nach raibh a shárú le fáil.

D'fheabhsaigh Fraunhofer priosmaí is teileascóip. Tháinig sé ar na línte (dathanna, tonnfhaid) dorcha i speictream na Gréine, a ainmnítear as ó shin. Línte iad seo atá dorcha de bharr ionsú na dtonnfhad sin ag dúile cosúil le cailciam, hidrigin, sóidiam, is maignéisiam. Sna cisil fhionnuara os cionn fótaisféar gealbhruthach na Gréine a tharlaíonn an t-ionsú seo.

Fuair von Fraunhofer bás in aois a 39 bliana le gal na dtrom-mhiotal, dála neart lucht déanta gloine eile san am.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Josef von Fraunhofer". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 287.