Josef Stefan
Fisicí a rugadh i Sveti Peter na hOstaire ab ea Josef Stefan (1835-1893). Cáil air as a thaighde ar radaíocht teasa, a thosaigh i 1879.
Rinne sé amach dlí Stefan (tugtar dlí Stefan-Boltzmann air freisin) ar bhonn turgnamhach le cur síos ar astú teasa ó dhromchla te. Astaítear teas i bhfoirm radaíochta infridheirge thar raon tonnfhad. Agus ábhar á théamh, astaíonn a dhromchla solas infheicthe chomh maith le radaíocht infridhearg.
De réir mar a ardaíonn teocht an dromchla, is amhlaidh a mhéadaíonn an chumhacht iomlán a radaítear ón dromchla te. Ag tosú leis an dlí seo, d'éirigh leis an chéad mheastachán maith a dhéanamh ar theocht dhromchlach na Gréine.
Lean fisicithe eile ag iarraidh bonn teoiriciúil a chur faoi dhlí Stefan, agus tháinig an saothar seo chun buaice le céim an-suntasach chun cinn sa bhfisic i dteoiric chandamach a chéadshaothraigh Max Planck i 1905.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |