Dlí Stefan-Boltzmann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Rinne Josef Stefan amach an Dlí Stefan-Boltzmann ar bhonn turgnamhach le cur síos ar astú teasa ó dhromchla te. Astaítear teas i bhfoirm radaíochta infridheirge thar raon tonnfhad. Agus ábhar á théamh, astaíonn a dhromchla solas infheicthe chomh maith le radaíocht infridhearg.

De réir mar a ardaíonn teocht an dromchla, is amhlaidh a mhéadaíonn an chumhacht iomlán a radaítear ón dromchla te.

agus sigma = tairiseach Stefan.

Ag tosú leis an dlí seo, d'éirigh leis an chéad mheastachán maith a dhéanamh ar theocht dhromchlach na Gréine.

Lean fisiceoirí eile ag iarraidh bonn teoiriciúil a chur faoi dhlí Stefan, agus tháinig an saothar seo chun buaice le céim an-suntasach chun cinn sa bhfisic i dteoiric chandamach a chéadshaothraigh Max Planck i 1905.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]