José Mourinho

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJosé Mourinho

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(pt) José Mário dos Santos Mourinho Félix
26 Eanáir 1963
61 bliana d'aois
Setúbal, An Phortaingéil Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Ainm cleiteThe Special One Cuir in eagar ar Wikidata
Scoil a d'fhreastail sé/síTechnical University of Lisbon (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Meáchan70 kg
Airde174 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Dathán gruaigeGruaig dhubh
Gníomhaíocht
Gairmbainisteoir sacair, imreoir sacair, taidhleoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirFutbol Club Barcelona, assistant manager (en) Aistrigh (1996–2000)
Futebol Clube do Porto, assistant coach (en) Aistrigh (1994–1996)
Sporting Clube de Portugal, aistritheoir (1992–1993)
A.D. Ovarense (en) Aistrigh, scout (en) Aistrigh
C.F. Estrela da Amadora (en) Aistrigh, assistant coach (en) Aistrigh
Vitória F.C. (en) Aistrigh, youth team coach (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Phortaingéilis, an Spáinnis, an Iodáilis, an Fhraincis agus Béarla
Spórtsacar Cuir in eagar ar Wikidata
Ionad ar an bhfoireann / speisialtachtImreoir lár páirce
Gníomhréim
  Foireann enllaç= enllaç=
1980–1982 Rio Ave F.C. (en) Aistrigh 16(2)
1982–1983 C.F. Os Belenenses (en) Aistrigh 16(2)
1983–1985 G.D. Sesimbra (en) Aistrigh 35(1)
1985–1987 Comércio e Indústria (en) Aistrigh 27(8) Cuir in eagar ar Wikidata
  Cóitseálaí enllaç= enllaç=
2000–2000 Sport Lisboa e Benfica
2001–2002 U.D. Leiria (en) Aistrigh
2002–2004 Futebol Clube do Porto
2004–2007 Chelsea Football Club
2008–2010 Football Club Internazionale Milano
2010–2013 Real Madrid Club de Fútbol
2013–2015 Chelsea Football Club
2016–2018 Manchester United Football Club
2019–2021 Tottenham Hotspur Football Club
2021–2024 Associazione Sportiva Roma Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairJosé Manuel Mourinho Félix
Gradam a fuarthas

IMDB: nm1542742 Allocine: 691613
Twitter: josemourinhotv Instagram: josemourinho Discogs: 5909414 Cuir in eagar ar Wikidata

Is traenálaí peile é José Mário dos Santos Félix Mourinho (rugadh é ar an 26 Eanáir 1963 i Setubal na Portaingéile). Tá sé ina thraenálaí ar an bhfoireann AS Roma.

Gairmréim traenála[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir Mourinho tús lena ghairmréim leis an bhfoireann Benfica, agus bhí sé i gceannas orthu ar feadh naoi gcluiche. Sa bhliain 2001, chuaigh sé go dtí Leiria chun a bheith ina thraenálaí ar U.D. Leiria. Ina dhiaidh sin, bhí seal rathúil aige le Porto idir 2002 agus 2004, ina bhuaigh siad an Corn UEFA (2003), Sraith na Seaimpíní (2004) agus an Liga Portaingéalach faoi dhó.

Chelsea[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa tsamhradh 2003, cheannaigh Roman Abramovich an club Sasanach Chelsea. Thaitin Mourinho go mór le Abramovich, agus sa bhliain 2004 d'fhág Mourinho slán le Porto agus chuaigh sé go dtí Londain chun post a ghlacadh leis an gclub. Chuir Abramovich a lán airgead sa chlub, agus thosaigh siad ag ceannach imreoirí gan mhoill. Thosaigh Mourinho mar thraenálaí i mí Iúil sa bhliain 2004.

Mouirnho agus a pháistí.

Sa tséasúr 2004/05, bhuaigh Chelsea Premier League agus Corn na Sraithe. Sa bhliain 2005/06, bhain siad an Príomhroinn amach arís, ach níor éirigh leo a dhéanamh amhlaidh i Sraith na gCuradh. B'é Learpholl a rinne an éacht seo. Bhuaigh Mourinho an gradam Traenálaí na Bliana don bhliain 2006.

I rith an tsamhraidh 2006, cheannaigh Abramovich na himreoirí Michael Ballack agus Andriy Shevchenko, cé go raibh Mourinho féin sa tóir ar Samuel Eto'o. I mí Mheán Fómhair, bronnadh cárta dearg ar Bhallack i gcluiche in aghaidh Learpholl. I mí Eanáir, 2007, bhí argóint idir Mourinho agus Abramovich, mar bhí Ballack agus Shevchenko ag imirt go dona. Bhí teannas idir an bheirt as seo amach, ach bhuaigh Chelsea Corn na Sraithe agus Corn F.A. fós.

Sa tséasúr nua 2007/08, bhuaigh Chelsea an chéad chluiche i gcoinne Birmingham City, agus an cluiche ina dhiaidh sin i gcoinne Reading. I mí Mheán Fómhair, áfach, ní raibh Chelsea in ann an ceann is fearr a fháil ar Blackburn Rovers, Aston Villa agus Rosenborg. Ar an 20 Meán Fómhair, 2007, d'fhág Mourinho a phost, agus cuireadh Avram Grant isteach ina áit.

Internazionale[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh Mourinho mar thraenálaí ar Internazionale ar an 2 Meitheamh, 2008. Bhuaigh Inter an SuperCorn Iodálach i mí Lúnasa 2008. I Sraith na gCuradh, bhuaigh Inter an chéad chluiche agus imríodh comhscór sa chéad chluiche eile. Bhuaigh Inter an Serie A, an Coppa Italia agus Corn na hEorpa sa bhliain 2010.

Liosta trófaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Porto:

  • Craobh na Phortaingéil: 2
2002/03, 2003/04
  • Corn na Phortaingéil: 1
2002/03
  • Supercorn na Phortaingéil: 1
2003
2002/03
2003/04

Chelsea:

2004/05, 2005/06
2007
  • Corn Sraithe Shasana: 2
2005, 2007
  • Community Shield: 1
2005

Internazionale:

  • Supercoppa italiana: 1
2008
2008/09, 2009/10
2009/10
2009/10

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]