Samuel Eto'o
Is imreoir sacair idirnáisiúnta Camarúnach é Samuel Eto'o (rugadh 10 Márta 1981 i Nkon, Camarún). Imríonn sé le Internazionale i Milano faoi láthair.
D'fhreastail Eto'o ar Acadamh Spórt Kadji in Douala, príomhchathair Chamarún. D'imir sé le UCB Douala i gcomórtas Chraobh Chamarún sa bhliain 1996. Chaith sé sé bliana faoi chonradh le Real Madrid ach níor imir sé ach trí chluiche dóibh. Chaith sé an chuid is mó dá am, ceithre bliana go leith, ar iasacht le Real Mallorca. Sa bhliain 2003 bhuaigh sé Copa del Rey leis an gclub sin, i gcoinne Recreativo de Huelva. Bronnadh an teideal Imreoir Afracach na Bliana air trí bliana i ndiaidh a chéile, 2003 go 2005, an chéad duine chun an éacht sin a bhaint amach. Tá sé gnóthach i bhfeachtas frith-chiníochais sa Spáinn, tar éis mí-úsáid chiníoch a fhulaingt. Aistríodh Eto'o go hInternazionale le tosnú i mí Eanáir 2011. I Meán Fómhair 2021, d’fhógair Samuel Eto’o, a iarrthóireacht d’uachtaránacht Chónaidhm Peile Camarún (Fecafoot).