John William Seoighe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJohn William Seoighe
Beathaisnéis
Breith1919
Inis an Ghainimh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás2015
95/96 bliana d'aois
Teanga dhúchaisan Ghaeilge
Gníomhaíocht
Gairmmairnéalach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Bádóir mór le rá as Conamara agus duine de Sheoighigh Inis Bearachain ab ea John William Seoighe (1919–2015). Rugadh ar Inis an Ghainimh é, ach bhí sé ina chónaí in áiteanna éagsúla thar na blianta: Inis Bearachain, Bostún, Cathair na Gaillimhe, agus Ros a' Mhíl.[1] Phós sé Bríd Ní Chonghaile (Bríd Joe Mhicil Hughie) as Inis Bearachain sa bhliain 1943.[1]

Fear mór seoltóireachta a bhí ann, agus bhí an-taithí aige ar na báid thraidisiúnta ar a dtugtar húicéirí na Gaillimhe. Bhí baint aige le trádáil na móna go dtí Oileáin Árann agus Contae an Chláir. D'úsáid sé a bhád féin, Bláth na hÓige, chun an mhóin a sheachadadh, bád a rinne Máirtín Ó Cathasaigh as Maínis dá athair agus dá uncail, William agaus Máirtín Seoighe.[1]

In agallamh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, d’fhiafraigh an láithreoir Máirtín Tom Sheáinín a mheas ar an húicéir Saint Patrick. Dúirt John William, “Ligfeadh an taoille tuile ort a’ breathnú uirthi”, freagra a úsáidtear anois le cur síos a dhéanamh ar aon rud fíorálainn. Tá sé fós ceangailte leis an gcor cainte seo.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Mac Con Iomaire, Liam (1997). "Conamara: An Tír Aineoil" (in ga). Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht. ISBN 1-900693-39-9.