Jean François Champollion

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJean François Champollion

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(fr) Jean-François Champollion
Beathaisnéis
Breith23 Nollaig 1790
Figeac (Ríocht na Fraince)
Bás4 Márta 1832
41 bliana d'aois
Páras (Monarcacht Iúil)
Siocair bháisBás nádúrtha (Stad cairdiach agus stróc)
Áit adhlacthaReilig Père-Lachaise, 18 48°51′36″N 2°23′39″E / 48.860037°N 2.394153°E / 48.860037; 2.394153
Grave of Champollion (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síLycée Stendhal (1804–1807)
Institut national des langues et civilisations orientales
Collège de France
université de Grenoble Cuir in eagar ar Wikidata
Comhairleoir dochtúireachtaAntoine Isaac Silvestre de Sacy
Gníomhaíocht
Réimse oibreIairiglifí Éigipteacha, stair, teangeolaíocht agus Éigipteolaíocht
Gairméigipteolaí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirCollège de France, ollamh (1831–1832)
Ollscoil Grenoble Alpes Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Mac/iníon léinn de chuidRaphaël de Monachis
Mac/iníon léinnFrancesco Salvolini agus Karl Richard Lepsius
TeangachaAn Fhraincis
Teaghlach
CéileRosine Blanc Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJacques Champollion
SiblínJacques-Joseph Champollion, Thérèse Champollion agus Marie Champollion
Croineolaíocht
1821-1822decipherment of Egyptian hieroglyphs (en) AistrighLeac Rosetta Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

Find a Grave: 7772 Cuir in eagar ar Wikidata

Fear léinn ón bhFrainc ab ea Jean François Champollion a chur tús leis an léann Éigipteach agus leis an taighde ar na hiairiglifí, is é sin, córas scríbhneoireachta na sean-Éigiptise. Rugadh i bhFigeac i ndeisceart na Fraince é ar an 29 Nollaig 1790 agus fuair sé bás i bPáras ar an 4 Márta 1832.

Champollion le Madame de Rumilly, 1823

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir Champollion spéis mhór sna teangacha ó laethanta a chéad óige, agus ní raibh sé ach sé bliana déag d'aois nuair a d'fhoilsigh sé an chéad saothar léinn. D'fhoghlaim sé teangacha an Oirthir cosúil leis an bPeirsis, an Araibis nó an Choptais, seanteanga na gCríostaithe san Éigipt.

leabhar nótaí Champollion

Thuig sé gurbh í an Choptais an eochair don tSean-Éigiptis, agus rud eile fós d'aithin sé go raibh córas na n-iairiglifí ar nós an réabais, is é sin d'fhéadfá pictiúr an tí a úsáid le focal a bhreacadh síos a d'fhuaimneofá cosúil leis an bhfocal a chiallaigh "teach", mar shampla.

Roimh lá Champollion shíleadh an lucht léinn go raibh úsáid na n-iairiglifí bunaithe ar rúndiamhra an tseanchreidimh Éigiptigh agus nach raibh mórán bainte acu leis an teanga labhartha. Thaispeáin Champollion nach mar sin a bhí, agus go bhféadfá eolas saibhir ar ghnáthshaol na nÉigipteach a bhaint as na scríbhinní iairiglifeacha. Mar sin chuir sé bun le tuiscint nua chuimsitheach ar stair na tíre.

Turas Champollion agus Rossellini 1828-29 (iad ar dheis) le Giuseppe Angelelli, 1834

Fear fíochmhar ab ea Champollion i gcúrsaí polaitíochta, agus luiteamas láidir aige le Napoléon. Nuair a thosaigh athbhunú an mhonarcachais i ndiaidh do Napoléon a chumhacht a chailleadh, áfach, d'éirigh sé dainséarach tuairimí polaitiúla den chineál sin a nochtadh is a admháil, rud a chiallaigh gur chuir an pholaitíocht chomhaimseartha go mór isteach ar obair léannta Champollion.

Turas Champollion agus Rossellini 1828-29

Sa bhliain 1829 thug Champollion cuairt ar an Éigipt, ach má thug, chuaigh an turas seo chun dochair dá shláinte, agus ní raibh sé ach bliain thar an dá fhichid d'aois nuair a fuair sé bás le stróc.

Bhí cineál coimhlint ar siúl idir Champollion agus an scoláire Sasanach Thomas Young, agus an bheirt fhear ag iarraidh na hiairiglifí a mhíniú san am chéanna.

Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

I ndiaidh bhás Champollion cuireadh ina leith nár thuig sé urraim cheart do Young ina chuid scríbhinní féin agus gur tharraing sé ar shaothar Young gan an úsáid sin a admháil. Is é tuairim choitianta na scoláirí inniu, áfach, cé go raibh Young ábalta bang oibre a dhéanamh, ná nach raibh sé leath chomh ábalta le Champollion, agus go raibh a chuid taighde bacach botúnach i gcomparáid. Mar sin glactar leis i gcónaí gurbh é Champollion fíor-athair an léinn Éigiptigh.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]