James Jerome Gibson
Cuma
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 27 Eanáir 1904 McConnelsville, Ohio |
Bás | 11 Nollaig 1979 75 bliana d'aois Ithaca, New York |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Princeton - fealsúnacht Ollscoil Princeton - síceolaíocht (–1928) |
Comhairleoir dochtúireachta | Herbert Langfeld |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Síceolaíocht, ecological psychology (en) , radharc agus environmental psychology (en) |
Gairm | síceolaí, múinteoir ollscoile |
Fostóir | Coláiste Smith |
Ball de | |
Faoi thionchar | |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Mac léinn dochtúireachta | Jacob Beck |
Teaghlach | |
Céile | Eleanor J. Gibson |
Gradam a fuarthas |
Síceolaí a rugadh i McConnelsville, Ohio ab ea James Jerome Gibson (27 Eanáir 1904 - 11 Nollaig 1979). Le linn an dara cogadh domhanda, ina stiúrthóir ar aonad taighde de chuid aerfhórsa Mheiriceá a bhí dírithe ar shíceolaíocht aerloingseoireachta. Shaothraigh sé teoiric shuntasach an radhairc ina leabhar The Perception of the Visual World (Aireachtáil Dhomhan an Amhairc, 1950). Thairg sé gurb é atá in aireachtáil radhairc ná brath díreach na réad do-athraitheach sa Domhan os ár gcomhair, agus nach bhfuil aon infeiriú ná próiseáil eolais i gceist.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "James Jerome Gibson". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 315.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |