Jump to content

John Millington Synge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó JM Synge)
Infotaula de personaJohn Millington Synge

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith16 Aibreán 1871
Ráth Fearnáin (Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann)
Bás24 Márta 1909
37 bliana d'aois
Baile Átha Cliath (Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann)
Siocair bháisBás nádúrtha (Liomfóma)
Áit adhlacthaReilig Chnocán Iaróm Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachMuintir na hÉireann
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Pháras
Ceol-Acadamh Ríoga na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmdrámadóir, leabhrógaí, scríbhneoir, file, scríbhneoir próis Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
AthairJohn Hatch Synge  agus Kathleen Trail
SiblínAnnie Isabella Synge
Duine muintearthaJohn Lighton Synge (nia) Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm0843423 Allocine: 579202 Allmovie: p315182 IBDB: 6868
Musicbrainz: 5ad0d866-887b-4729-9ebf-91d137ee6cac Discogs: 1787286 IMSLP: Category:Synge,_John_Millington Find a Grave: 2010 Cuir in eagar ar Wikidata

Drámadóir Éireannach ab ea John Millington Synge (16 Aibreán 1871 - 24 Márta 1909). B'é an dráma ba cháiliúla a bhí ag Synge ná The Playboy of the Western World. Bhí ruaille buaille sa chathair ar oíche na hoscailte i 1907, ach d'éirigh go geal leis ina ainneoin sin. I measc a chuid drámaí eile, tá Riders to the Sea, Shadow of the Glen, The Well of the Saints, The Tinker's Wedding srl.

Tógadh Synge i Ráth Fearnáin lámh le Baile Átha Cliath.

Bhain sé céim (Baitsiléir Ealaíon) amach sna teangacha i gColáiste na Tríonóide sa bhliain 1892.

Chuaigh Synge go dtí an Fhrainc sa bhliain 1896. Chas sé le W. B. Yeats, a thug comhairle do Synge cuairt a thabhairt ar Oileáin Árann.

Chaith Synge tréimhsí fada ar Inis Meáin in oileáin Árann ag foghlaim na Gaeilge agus ag scríobh a chuid leabhair agus drámaí faoi dhraíocht agus áilleacht an oileáin agus na farraige.

Thug Synge cuairt go h-Inis Meáin don chéad uair i 1898. D'fhan sé le muintir Uí Dhonnacha ar feadh tréimhsí fada agus mhair cosúil leo féin. Bhíodh sé ina shuí cois na tine/sa gclúid ag seinm an fhidil agus go minic ag bogadh an chliabháin ina mbíodh páiste le muintir an tí.

Chaith Synge go leor dá chuid ama ar an oileán ina shuí i bpúirín cloiche gan aon díon air, suite ar bharr na haille ar an taobh thiar den oileán. Ainmníodh 'Cathaoir Synge' ar an áit seo dá bharr. Tá radharc draíochtúil as an áit seo ar Inis Mór trasna an chuain, ar Chonamara ó thuaidh agus siar san Aigéan Atlantach.

Ní h-ionadh go bhfuair Synge inspioráid chun scríbhneoireacht a dhéanamh in Inis Meáin. Tar éis do Synge Inis Meáin a fhágáil, bhíodh sé ag scríobh chuig duine de chlann Uí Dhonnacha darbh ainm Máirtín. Bhíodh Synge ag scríobh litreacha i mBéarla chuig Máirtín agus bhíodh Máirtín ag scríobh ar ais i nGaeilge. Sa gcaoi sin bhí an bheirt acu ag foghlaim óna chéile.

Fuair John Millington Synge bás ar an 24 Márta 1909 ó liomfóma Hodgkin, aois 37.

Is féidir cóipeanna de na litreacha a scríobh Synge a fheiceáil in Inis Meáin anois. Tá an teach céanna faoi sheilbh duine de shliocht mhuintir Uí Dhonnacha, Treasa Ní Fhátharta ar thaobh a máthar. D'fhág a máthair an teach seo ag Treasa. Tar éis roinnt ath-chóirithe le cabhair urraíochta sna 2000idí, d'oscail an teach don phobal.

Tá an teach sa stíl traidisiúnta, ceann tuí taobh istigh agus taobh amuigh. Tá stór breá troscáin agus uirlisí le feiceáil san teach; mar shampla an tuirne lín, an drisiúr agus dorú a bhíodh in úsáid ag iascaireacht, a thugann léargas ar an saol sna sean-laethanta. Tá leabharlann agus ionad cónaithe do scríbhneoirí béal dorais.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]