Ionsaithe buamála ar Bhaile Átha Cliath agus ar Mhuineachán (1974)
| ||||
Cineál | ionsaí buamála | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 17 Bealtaine 1974 | |||
Suíomh | Baile Átha Cliath, Éire Muineachán, Éire | |||
Sprioc | sibhialtach | |||
Líon básanna | 34 | |||
Líon gortaithe | 300 | |||
Is é an rud a bhí i gceist le buamálacha Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin ná sraith ionsaithe sceimhlitheoireachta a rinneadh ar Bhaile Átha Cliath agus ar Mhuineachán ar an 17ú lá de Mhí na Bealtaine, 1974. Seasann an lá seo, agus buamáil na hÓmaí (15/8/1998) mar cheann de na laethanta ab fhuiltí i stair nua-aimseartha na tíre.[1]
Maraíodh triúr daoine déag is fiche sna hionsaithe seo (nó 34, leanbh sa bhroinn ina measc), agus fágadh cneá, goin nó goimh ar bheagnach trí chéad duine, níos mó ná ar aon lá eile i stair na dTrioblóidí.
Cé nár mhaígh aon eagraíocht ar leith freagracht as na hionsaithe, glactar leis go coitianta gur dream paraimíleata (an Drong Glennane) de chuid na nDílseoirí (an UVF) i dTuaisceart Éireann a rinne an obair, le cúnamh ó dhaoine san RUC agus san UDR..[2] Tugadh le fios i dtuarascáil an Bhreithimh Henry Barron[3] maidir leis an sléacht, a foilsíodh fiche bliain ó shin, go raibh baint dhíreach ag saighdiúirí i reisimint UDR na Breataine agus ag póilíní san RUC leis na hionsaithe.[4]
Táthar den bharúil freisin go raibh aonaid eile in Arm na Breataine bainteach leis na dílseoirí a bhí freagrach as na buamaí ach níl an t-eolas ar fad ar fáil mar nach bhfuil Rialtas na Breataine sásta na comhaid chuí a fhoilsiú. Cháin an Breitheamh Barron an Garda Síochána agus Rialtas na hÉireann na linne chomh maith faoi fhaillí a dhéanamh san fhiosrúchán.[4] Níor cúisíodh aon duine riamh maidir leis an uafás.
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí feidhmeannas comhroinnte cumhachta (Comhaontú Sunningdale) i gcumhacht san am sin i dTuaisceart Éireann. Bhí na dilseoirí glan ina haghaidh agus an teannas ag cur thar maoil.
Cróineolaíocht na n-imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Phléasc trí charrbhuama taobh istigh de chúig nóiméad ama i Sráid Parnell, Sráid Talbot, agus Sráid Laighean Theas i lárchathair Bhaile Átha Cliath. Go gairid ina dhiaidh sin, phléasc buama eile fós i Muineachán.
- Ag leathuair i ndiaidh a cúig iarnóna: Phléasc trí bhuama beagnach san am céanna i Sráid Talbot, Sráid Parnell agus Sráid Laighean Theas. Fuair triúr daoine is fiche, idir fhir, mhná agus pháistí, bás sna pléascanna seo, agus shíothlaigh triúr eile san ospidéal i rith an chéad chúpla lá tar éis na bpléasc.
- Phléasc an chéad cheann den trí bhuama i mBaile Átha Cliath ag ocht nóiméad is fiche tar éis a cúig i Sráid Parnell. Fuair aon duine dhéag bás de dheasca an bhuama seo.
- Phléasc an dara ceann de na buamaí i mBaile Átha Cliath ag leathuair i ndiaidh a cúig i Sráid Talbot. Cailleadh ceathrar déag ansin.
- Phléasc an ceann deireanach acu ag dó nóiméad déag is fiche i ndiaidh a cúig i Sráid Laighean Theas. Beirt a d'éag sa phléasc seo.
- Ag a seacht a chlog iarnóna: phléasc buama eile i mBóthar an Tuaiscirt i Muineachán. Mharaigh an ceann seo cúigear ar dtús, agus shíothlaigh beirt eile i rith an chéad chúpla seachtain eile.
27 duine a maraíodh i mBaile Átha Cliath agus seachtar a maraíodh i Muineachán. De réir tuairiscí áirithe, fuair ceathrar déag is fiche nó cúigear déag is fiche bás ar fad. Is é an chéad fhigiúr a gheofar má chuirtear in áireamh go raibh Collette Doherty ag súil le breith, agus is féidir an páiste marbh a rugadh do Mhartha O'Neill a chur san áireamh chomh maith. Fuair Martha treascairt, agus maraíodh a fear céile Edward.
Tuairimí
[cuir in eagar | athraigh foinse]I dTuaisceart Éireann, d'fhógair Sammy Smyth, a bhí ina phreasoifigeach do Chumann Cosanta Uladh (UDA) agus do Chomhairle Lucht Oibre Uladh (UWC) go raibh sé an-sásta leis na buamálacha:
- "I am very happy about the bombings in Dublin. There is a war with the Free State and now we are laughing at them."
- (Aistriúchán: "Tá ríméad orm faoin dóigh ar buamáladh Baile Átha Cliath. Tá muid i gcogadh leis an Saorstát agus anois, tá muid ag gáire fúthu.")[5]
I ndiaidh na n-imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]An clár teilifíse
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fiche éigin bliain i ndiaidh na n-imeachtaí, rinne Teilifís Shír Eabhrac clár teilifíse faoi na buamálacha i gcomhoibriú le roinnt iar-oifigigh de chuid an Gharda Síochána. Thug an clár le tuiscint gurbh iad Óglaigh Uladh, nó UVF, eagraíocht pharaimíleata de chuid na nDílseoirí, a rinne an bhuamáil. Is ar éigean a tháinig an méid sin aniar aduaidh ar aon duine, ach luaigh an clár sceimhlitheoirí de chuid an UVF ina n-ainmneacha, a maraíodh sna Trioblóidí idir an dá linn.
Líomhaintí maidir le claonpháirteachas le paraimíleataigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thairis sin, áfach, dúirt na Gardaí nach bhféadfadh na Dílseoirí buamálacha den chineál sin a chur i gcrích san am as a stuaim féin, nó thaispeáin an taighde fóiréinseach gur buamaí sofaisticiúla a bhí ann, chomh sofaisticiúil is go mbeadh cuidiú ó shaineolaí de dhíth ar na Dílseoirí lena leithéid a chur i dtoll le chéile.
Is é an chiall a bhain na Gardaí faoi agallamh as an scéal go raibh seirbhísí faisnéise na Sasanach, nó daoine dá gcuidsean, ag déanamh claonpháirteachais leis na Dílseoirí. Tharraing an clár an-challán, go háirithe sa Dáil.
Tuarascáil Barron
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'ordaigh Rialtas na hÉireann do bhreitheamh arbh ainm dó Henry Barron[3][2] tuarascáil rúnda a scríobh faoi na buamálacha. De thoradh na tuarascála, cuireadh an iomad ceisteanna faoi, cén fáth a mbeadh Rialtas na hÉireann ag iarraidh an fhírinne a cheilt faoi ionsaithe sceimhlitheoireachta a bhí dírithe ar dhochar a dhéanamh do shíocháin na sochaí in Éirinn féin.
Is iomaí teoiric a tháinig chun solais sna meáin chumarsáide, agus is é an míniú is inchreidte ná nach raibh cuid de na Gardaí ábalta glacadh leis go raibh fórsaí slándála na Ríochta Aontaithe ag cabhrú leis na sceimhlitheoirí. Is cosúil go raibh an Glenanne Gang, drong dílseoirí a mharaigh Caitlicigh is eile, freagrach as na buamálacha i mBaile Átha Cliath agus i Muineachán, le cúnamh ó dhaoine san RUC agus san UDR.[6][2]
Creidtear go bhfuair an Breitheamh Barron an-locht ar an dóigh ar fhiosraigh na Gardaí an scéal, go háirithe ar an díospóireacht faoi chúrsaí na fóiréinsice agus ar an iompairc faoin gcumhacht i measc na nGardaí san am. Is beag fianaise fhóiréinseach a fhágann na buamálacha ina ndiaidh.
Mar sin, tá sé ardtábhachtach i gcásanna den chineál seo tástálacha tobanna a dhéanamh leis na substaintí a aithint a húsáideadh sa bhuama. D'fhág na Gardaí an obair faoi Shaotharlann Stáit na hÉireann, a bhí in anás maoiniú agus foirne san am. Mar sin féin, bhí sí in ann a chruthú gur buamaí sofaisticiúla a bhí i gceist, cé nach bhfuarthas na samplaí ach trí lá i ndiaidh na mbuamálacha. Ar chúiseanna nach dtuigtear go hiomlán, ní rabhthas muiníneach as torthaí Shaotharlann Stáit na hÉireann, agus cuireadh na samplaí chuig saotharlann fhóiréinseach i mBéal Feirste.
Ní raibh foireann na saotharlainne sin go hiomlán ar aon fhocal le Saotharlann an Stáit, ach mura raibh, ní bhfuair siad na samplaí ach aon lá déag i ndiaidh na n-imeachtaí, rud a cháin siad ina dhiaidh sin ina dtuarascáil féin. Ba chóir samplaí den chineál seo a thaighde sula mbeadh sé uaire imithe ón mbuamáil, dar leo.
Cóir
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sna 2020idí, bhí Rialtas na hÉireann fós ag tathant ar Rialtas na Breataine cáipéisí oifigiúla ón am a chur ar fáil d'iniúchóirí.[4]
Bhí imní ar ngrúpa Justice for the Forgotten, in 2023 faoin reachtaíocht a thug Rialtas na Breataine isteach in 2023/2024, Acht Oidhreacht na dTrioblóidí, maidir le coireanna a rinneadh le linn na coimhlinte sa Tuaisceart – maruithe san áireamh. De réir na reachtaíochta sin, ní chuirfí an dlí ar chiontóirí dá gcomhoibreoidís le coimisiún nua athmhuintearais agus faisnéise atá le bunú. Ní fhéadfaí cásanna sibhialta ná coistí cróinéara a thionscamh ach oiread, dá gcuirfí an reachtaíocht i bhfeidhm.[4]
In 2024, thug Mícheál Martin le fios gur léiríodh i ngach fiosrúchán a bhí déanta go dtí 2024 nár chomhoibrigh an Bhreatain go hiomlán le hÉirinn na hionsaithe a fhiosrú. Dúirt sé go bhfuil ceithre rún rite tríd an Dáil, ina lorgaítear té neamhspleách chun scrúdú a dhéanamh ar an gcáipéisíocht ar fad.[7]
Cuimhneacháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2023, leagadh bláthfhleasca ar Shráid Thalbóid, áit ar phléasc an chéad bhuama an lá úd agus ar maraíodh ceithre dhuine dhéag dá bharr.[4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Comhaontú Sunningdale
- Buamáil Rose & Crown (1974)
- An Drong Glennane
- Acht Oidhreacht na dTrioblóidí 2023/2024
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "CAIN: Events: Dublin and Monaghan Bombs - List of Source Material". cain.ulster.ac.uk. Dáta rochtana: 2023-05-17.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 Tithe An Oireachtasː An Comhchoiste um Dhlí agus Ceart, Comhionnanas, Cosaint agus Cearta na mBan (Tuarascáil Barron) (Márta 2004). "An Tuarascáil Deiridh maidir leis an Tuarascáil ón gCoimisiún Fiosrúcháin Neamhspleách faoi Bhuamáil Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-10-07. Dáta rochtana: 2021.
- ↑ 3.0 3.1 Tithe an Oireachtais / An Comhchoiste um Dhlí agus Ceart (2005). "An Tuarascáil Deiridh maidir leis an Tuarascáil ón gCoimisiún Fiosrúcháin Neamhspleách faoi Bhuamáil Bhaile Átha Cliath i 1972 agus i 1973 (Barron report - Final Report on the Report of the Independent Commission of Inquiry into the Dublin Bombings of 1972 and 1973)". Dáta rochtana: 2023.
- ↑ 4.0 4.1 4.2 4.3 4.4 Nuacht RTÉ (2023-05-17). "Ócáid i gcuimhne an 34 duine a maraíodh i mbuamálacha i 1974" (as ga-IE).
- ↑ De réir amlíne na n-imeachtaí atá curtha ar fáil ag CAIN anseo Curtha i gcartlann 2010-12-30 ar an Wayback Machine. Mharaigh na Sealadaigh Sammy Smyth dhá bhliain ina dhiaidh - tá cur síos CAIN ar fáil anseo Curtha i gcartlann 2007-02-05 ar an Wayback Machine.
- ↑ Eoin Ó Murchú (2018). "Ceisteanna go leor gan freagairt i dtaobh Drew Harris" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-07-25.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-05-17). ""Sásta na taifid a oscailt" - An Tánaiste, ar bhuamaí 17.05.1974" (as ga-IE).