Buamáil na hÓmaí (1998)
| ||||
| Cineál | carrbhuamáil | |||
|---|---|---|---|---|
| Cuid de | na Trioblóidí | |||
| Dáta na bliana | 15 Lúnasa 1998 | |||
| Suíomh | An Ómaigh, Northern Ireland | |||
| Tír | an Ríocht Aontaithe | |||
| Rannpháirtí | ||||
| Sprioc | Courthouse (en) | |||
| Líon básanna | 29 | |||
| Líon gortaithe | 220 | |||
| Arm | buama ghluaisteáin | |||

Tharla Buamáil na hÓmaí nó Sléacht na hÓmaí ar an 15 Lúnasa 1998 nuair a phléasc buama i gcarr san Ómaigh, buama de chuid an 'Fhíor-IRA'.[2] Maraíodh 31 (beirt leanbh gan saolú ina measc); gortaíodh dhá chéad agus scriosadh an baile.
B'é seo an buama ba mheasa ó thús na dTrioblóidí i dTuaisceart Éireann (maraíodh triúr daoine déag is fiche sna Buamálacha Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin sa bhliain 1974).
An 'Fíor-IRA' a bhí freagrach as an ionsaí ach níor ciontaíodh éinne. Is iomaí náisiúnaí Éireannach a ghlac col leis na heasaontóirí Poblachtánacha i ndiaidh an bhuama seo.
Tá ceisteanna ann nach bhfuil freagra fós orthu faoin eolas a bhí ag na fórsaí slándála roimh ré, agus faoin dóigh gur fhiosraigh siad an scéal.
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta ar an 10 Aibreán 1998. Bhí Poblachtánaigh áirithe thar a bheith míshásta leis. Gan dabht theastaigh ón bhFíor IRA an tsíocháin a scrios ach d’aontaigh na polaiteoirí nach ngéillfí dóibh,[3] ceithre mhí i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta.
Is eol go bhfuair na fórsaí slándála ar a laghad dhá rabhadh. Chuir fear anaithnid glaoch guthán ar bhleachtairí an RUC ar an Ómaigh ar an 4 Lúnasa. Mhair an comhrá deich mbomaite. Dúradh go raibh raidhfil AK47 agus dhá theilgeoir roicéid le haistriú go teach ó dheas den Ómaigh D’ainmnigh an té a ghlaoigh ar na póilíní triúr fear agus teaghlach a dúirt sé a bhí bainteach leis seo. (Cé gur ghlac an Fíor-IRA freagracht as an bhuama, bhí lámh ag daoine ón IRA Leanúnach ann). Dúirt an fear go raibh an IRA Leanúnach le hionsaí a dhéanamh ar an phéas ar an Ómaigh ar an 15 Lúnasa.[2]
Ar an 12 Lúnasa, trí lá roimh an tubaiste, thug an brathadóir nó spiaire Peter Keeley (aka Kevin Fulton) faisnéis don phéas a bhí ag déileáil leis. Ag an am sin bhí beagnach scór bliain caite ag Keeley san IRA Oifigiúil, san IRA (Sealadach) agus ansin san Fhíor IRA. Bhuail Keeley le Patrick Joseph ‘Mooch’ Blair, comhalta aitheanta den bhFíor IRA in aice le Dún Dealgan. Bhí Blair ag déanamh buama. Níorbh eol do Keeley cá gcuirfí an buama, ach bhí sé le cur áit éigin go luath agus le cur ó thuaidh.[2]
Ba i gCo Mhuineacháin a goideadh an gluaisteán inar fágadh an buama; ba ar an taobh ó dheas den teorainn a cuireadh an buama i dtoll a chéile, b'fhéidir (ba i gceantar Thuaisceart Lú/Deisceart Ard Mhacha a rinneadh buama na hÓmaí, agus b’as an gceantar sin an fhoireann buamála, a scríobh Anton Mac Cába in 2018);[2] agus cuid de na daoine a bhí freagrach as an mbuamáil, ba sa Phoblacht a bhí cónaí orthu (a mhaígh gaolta na marbh níos déanaí).[4]
Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar lá an bhuama féin, de réir eolais a tugadh ag an Choiste Cróinéara, ní raibh péas ar bith ar dualgas i lár an bhaile ar an Ómaigh thart ar an am gur tugadh an buama isteach. Bhí dhá charr patróil amuigh. Nuair a tháinig an rabhadh faoin bhuama, bhí dream amháin ag fiosrú eachtra in eastát tithíochta ar an taobh ó thuaidh den bhaile agus an ceann eile ag fiosrú eachtra faoin tuath.
Bhí an baile plódaithe le siopadóirí, cuairteoirí agus teaghlaigh idir shean agus óg ar an Satharn breá samhraidh sin nuair a phléasc an gaireas 500 punt ag deich nóiméad tar éis a trí. Bhí dhá leanbh, seachtar páistí scoile, seisear mac léinn, trí ghlúin d’aon chlann amháin, oibrithe sna siopaí, fir agus mná, Spáinnigh, daoine ón bPoblacht agus muintir Thír Eoghain go háirithe, i measc na marbh.[3]
Ní raibh péas ar bith ar dualgas i lár an bhaile nuair a phléasc an buama. Ba ghnáth le Divisional Mobile Support Unit a bheith ar phatról faoi éide i gcarranna sibhialta fán bhaile. Bhí dhá phatról amuigh: ceann faoin dtuath, ceann eile ar an taobh ó thuaidh den bhaile. Ba ghnách le haonad, ina raibh 25 péas, a bheith ar patról faoi éide i gcarranna sibhialta fán cheantar. Ar an 15 Lúnasa bhí 15 acu as láthair. Bhí chuid acu ar lá saor agus iad ag freastal ar bhainis. Bhí an deichniúr eile le cur chuig paráid ar an Chill Chaoil ar an Dún. Tá an Chill Caoil beagnach ar an bhall is faide ón Ómaigh sa Tuaisceart.
Ach d’uireasa péas i lár an bhaile, bhí rudaí trína chéile nuair a cuireadh trí rabhadh ar an fhón, chuig na Samaritans (dhá uair) agus chuig UTV. Bhí an foláireamh doiléir lochtach.[5] Ag 14:32 ar lá an bhuama féin, thug an Fíor-IRA glaoch ar UTV; bhain an sceimhlitheoir úsáid as an códfhocal "Martha Pope", cód aitheanta, ag dúirt "There’s a bomb, courthouse, Omagh, main street, 500lb, explosion 30 minutes." Ag 14:35, chuir sé glaoch ar na Samaritans, agus an teachtaireacht céanna aige. Ag 14:38, chuir sé glaoch arís ar na Samaritans.[6]
Na híospartaigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]De réir mar a chuaigh an t-am thart, fógraíodh ainmneacha na marbh. Cúpla lá níos déanaí, reáchtáladh thrí thórramh san aon lá amháin: san Eaglais Chaitliceach, in Eaglais na hÉireann agus san Eaglais Mhodhach.[7]
Ba mhná iad 17 den 29 duine a maraíodh, bean a bhí ag súil le cúpla ina measc. Bhí Caitlicigh agus Protastúnaigh ina measc. Daoine ó áiteanna éagsúla ina measc, triúr buachaillí óga as Bun Cranncha, beirt as an Spáinn, daoine gur trí thimpiste a tharla ar an bhaile iad.[2][8]
Dúnmharaíodh Maura Monaghan (1), Breda Devine (1), Oran Doherty (8), James Barker (12), Fernando Blasco Baselga (12), Sean McLaughlin (12), Lorraine Wilson (15), Alan Radford (16), Brenda Logue (17), Jolene Marlow (17), Samantha McFarland (17), Gareth Conway (18), Deborah-Anne Cartwright (20), Julia Hughes (21), Adian Gallagher (21), Rocío Abad Ramos (23), Bryan White (27), Avril Monaghan (30) agus a cúpla sa bhroinn, Esther Gibson (36), Philomena Skelton (39), Geraldine Breslin (43), Ann McCombe (48), Brian McCrory (54), Veda Short (56), Elizabeth Rush (57), Olive Hawkes (60), Frederick White (60), Mary Grimes (66), agus Sean McGrath (61).[9]
Cóir
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ní raibh duine ar bith ciontaithe as an mbuamáil agus ní bhfuair gaolta na ndaoine a maraíodh i sléacht na hÓmaí ceart sna cúirteanna.[3]
Cé gur fritheadh Colm Murphy ciontach in 2002, cuireadh an breithiúnas sin ar neamhní sa bhliain 2005 mar gur athraigh Gardaí ráiteas dá chuid.
In 2003 gearradh príosúnacht ar Michael McKevitt, ceannaire an Fíor IRA ag an am, as 'stiúir sceimhlitheoireachta' – coir nua a tugadh isteach de bharr uafás na hÓmaí.[10] Chuir sé téarma príosúin '20 bliain' isteach. Níor éirigh le héileamh McKevitt sa bhliain 2014 go scaoilfí as an bpríosún é.[11][12] Ach scaoileadh as an bpríosún é in 2016.
Theip ar chás in aghaidh Sean Hoey sa bhliain 2006/2007.
Sa bhliain 2016, tarraingíodh siar na cúisimh in aghaidh Seamus Daly mar nach raibh an fhianaise ina choinne iontaofa.[3]
Níor ceistíodh duine ar bith díobh siúd a ainmníodh sa ghlaoch gutháin ar an 4 Lúnasa 1998, ar a laghad go dtí 2002 agus ní raibh a fhios ag beirt acu ar a laghad gur ainmníodh iad, go dtí gur labhair an t-iriseoir Anton Mac Cába leo in 2002. Is léir go raibh eolas faoin bhuama ag an duine a ghlaoigh ar na póilíní an lá sin, agus go raibh faltanas idir é agus na daoine a d’ainmnigh sé. Níor fiosraíodh sin ag an am.
Baineann ceisteanna freisin le ról Sean O’Callaghan, nach maireann, iarchomhalta sinsearach den IRA a bhí ina spiaire ag MI5 agus i mbun poiblíochta do ghrúpa tacaíochta ghaolta na n-íospartach.[2]
Cás sibhialta
[cuir in eagar | athraigh foinse]D’éirigh le cás sibhialta sa bhliain 2009 (tá fianaise níos láidre riachtanach i gcás coiriúil). Bhí an cás in aghaidh Seamus Daly, Colm Murphy, Liam Campbell agus Michael McKevitt, ceannaire an Fíor IRA.[13] Ordaíodh cúiteamh £1.6 milliún do na teaghlaigh ón gceathrar ach níor íocadh é. Céim as an gcoitiantacht ab ea an cás seo, ach níor réitigh sé an t-éileamh ar an gceart.[10][14]
Fiosrúcháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Airíonn na teaghlaigh na ndaoine a maraíodh gur lig an RUC, an PSNI, na Gardaí agus na seirbhísí faisnéise síos iad.[3] D’aithin athbhreithniú de chuid na bpóilíní iad féin in 2000 go raibh an fiosrú easnamhach agus go raibh gá le breis acmhainní ach níor rinneadh tada faoi go ceann deich mí eile.[10]
Chinn Ombudsman na bPóilíní, Nuala O’Loan, i 2001 go raibh fiosrú an RUC easnamhach. Níor tugadh aon eolas faoin ghlaoch guthán ar an 4 Lúnasa 1998 do na péas a bhí ag fiosrú an bhuama in 1998. Níor tháinig an chuid sin den scéal chun solais go dtí go ndearna O’Loan a fiosrúchán in 2001. Sa gcomhad a chonaic an tOmbudsman bhí nóta faoin rabhadh ag rá “ní bhaineann leis an Ómaigh”. Thairis sin níor insíodh don RUC san Ómaigh faoin bhfoláireamh. Anuas air sin chinn Nuala O’Loan nár roinneadh faisnéis leis na bleachtairí a bhí ag fiosrú an ionsaithe ina dhiaidh.[10]
2010--2020
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Thug Laurence Rush cás cúirte in aghaidh an Ardchonstábla agus an Státrúnaí in 2010;[16] maraíodh a bhean sa bhuama. Fuair sé bás in 2012. Thug Michael Gallagher (gaol eile) cás eile in aghaidh an Státrúnaí in 2013. Phléigh an Ardchúirt i mBéal Feirste an cás in 2015 agus aithníodh go raibh ceisteanna ann fós faoin eolas a bhí ag na fórsaí slándála roimh ré, agus faoin dóigh gur fhiosraigh siad an scéal. Ligeadh athbhreithniú breithiúnach dul ar aghaidh.
2021
Sa bhliain 2021, bhí sé tugtha le fios ag breitheamh Ardchúirte i mBéal Feirste gur róchosúil go bhféadfadh na seirbhísí slándála ionsaí buamála na hÓmaí i 1998 a chosc dá ngníomhóidís mar ba cheart roimh ré.[17] Mhol an Breitheamh Horner do Rialtas na Breataine fiosrúchán cearta daonna a bhunú faoi conas mar a tharla an t-uafás.
2023[18]
Bhí fiosrúchán neamhspleách bunaithe ag Rialtas na Breataine.sa bhliain 2023.[17]
2024
Ar an 30 Iúil 2024, is fearr go mall ná go brách,[19] cuireadh tús le réamhéisteacht sa chuid phoiblí den fhiosrúchán a bhí bunaithe faoi bhuamáil na hÓmaí. Bunaíodh an fiosrúchán lena fháil amach an bhféadfaí an t-ionsaí a chosc ó bhí a fhios roimhe go raibh a leithéid á bheartú ag an ngrúpa úd. Ina ráiteas oscailte, dúirt cathaoirleach an fhiosrúcháin an Tiarna Alan Turnbull go raibh sé meáite ar an gcuspóir sin a bhaint amach.[20][21]
2025
Thug gaolta na marbh fianaise i rith 2025.[6][22]
Creideann gaolta na marbh go mb'fhéidir go bhfuil cuid den fhaisnéis ábhartha úd ag iarshaighdiúirí agus iarGhardaí a bhí ag coinneáil súil ar lucht an Fhíor-IRA i 1998.[23]
- Mhaígh Gavin Robinson (ceannaire an DUP) go raibh ceisteanna le freagairt ag Rialtas agus ag Stát na hÉireann maidir leis an mbuamáil. Is cinnte go bhfuil daoine sa Stát seo a bhfuil faisnéis ábhartha acu, arsa sé, ach de bhrí nach féidir iallach a chur orthu fianaise a thabhairt ag fiosrúchán sa Bhreatain is ceart do Rialtas na hÉireann fiosrúchán dá gcuid féin a bhunú.
- Dúirt iar-Aire Dlí is Cirt, Charlie Flanagan, go bhféadfadh sé go mbeadh fianaise thábhachtach i dtaca le buamáil na hÓmaí nach mbeadh ar fáil don fhiosrúchán sa Ríocht Aontaithe mar nach bhfuil a mhacasamhail d'éisteacht anseo sa Phoblacht. 'Níl sé de chumhacht ag rialtas an stáit seo iallach a chur ar dhaoine atá ina gcónaí an taobh seo den teorainn dul agus fianaise a thabhairt i ndlínse eile' agus gur aontaigh sé le tuairim roinnt de mhuintir na n-íosbartach a bhí ag iarraidh a mhacasamhail d'éisteacht ann i bPoblacht na hÉireann.[24]
Bhí £11.1 milliún caite ar an fhiosrúchán ó Iúil 2024 go dtí deireadh mhí na Nollag 2025. Bhí tromlach an airgid sin, £9 milliún, caite ar chostais dhlíthiúla. Caitheadh méid suntasach airgid, níos mó ná £400,000, ar theicneolaíocht faisnéise.[25]
2026
Bhí reachtaíocht á chur tríd i dTithe an Oireachtais le linn 2026, más mall is mithid, a ligfidh do bhaill reatha nó iar-bhaill den Gharda Síochána, arm na hÉireann, an státseirbhís nó rialtas na hÉireann, páirt a ghlacadh san fhiosrúchán.[25] (Bhí sé tugtha le fios ag Micheál Martin in 2023 go gcomhoibreoidh Rialtas na hÉireann go hiomlán le fiosrúchán reachtúil na Breataine).
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ omaghbombmemorial.com. "Cuimhneachán". www.omaghbombmemorial.com. Dáta rochtana: 2021-07-25.
- 1 2 3 4 5 6 Anton Mac Cába (2018). "SLÉACHT NA hÓMAÍ 1998-2018: Ceisteanna go leor fós gan aon fhreagra orthu…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-07-24.
- 1 2 3 4 5 Póilín Ní Chiaráin (2016). "Is baolach nach bhfuil i ndán do mhuintir na hÓmaí ach cliseadh agus díomá" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-01-02.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-02-26). "'Ceisteanna le freagairt ag Rialtas na hÉireann faoi ár na hÓmaí'" (as ga-IE).
- ↑ UTV (2026). "what-happened-on-the-day-of-the-omagh-bomb-in-1998".
- 1 2 "Hearings – Omagh Bombing Inquiry" (en-GB) (2026-03-20). Dáta rochtana: 2026-04-12.
- ↑ Anton Mac Cába (15 Lúnasa 2023). "‘Mairfidh an boladh go deo i mo chuimhne’ -Buama na hÓmaí, 25 bliain ó shin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-08-15.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-08-15). "Rialtas le comhoibriú le fiosrúchán faoi bhuamáil na hÓmaí" (as ga-IE).
- ↑ "CAIN: Sutton Index of Deaths". cain.ulster.ac.uk. Dáta rochtana: 2023-08-15.
- 1 2 3 4 Póilín Ní Chiaráin (2017). "An bhfuil seans ar bith ag muintir na hÓmaí ar an bhfírinne?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-01-02.
- ↑ D’éiligh McKevitt go raibh sé i dteideal go scaoilfí saor luath ón bpríosún é mar gur ghlac sé páirt i ranganna éagsúla agus é ann, ina measc ranganna drámaíochta, ióga, Fraincise, ríomhaireachta agus rinne sé cúrsa maidir le scríbhneoireacht chruthaitheach leis an Ollscoil Oscailte freisin.
- ↑ Nuacht RTÉ (2014-12-09). "Theip ar iarratas Michael McKevitt san Ard-Chúirt inniu" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2008-04-07). "Cinnlínte Nuachta" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2016-09-29). "Cás faoi bhuamáil na hÓmaí caite amach ag Cúirt Eorpach" (as ga).
- ↑ "Alan Turnbull, Lord Turnbull" (as en) (2026-04-02). Wikipedia.
- ↑ justice.gov.uk/ (24-Meitheamh-2025). "[https://cdn.websitebuilder.service.justice.gov.uk/uploads/sites/42/2025/06/OBI-Day-2-Transcript-Opening-Statement-24-June-2025.pdf Opening-Statement: "The stance adopted by Laurence Rush drew virtually no support from any quarter in society and this had a profound effect on him, impact on him. He was very much alone in his search for truth and accountability. "]". Dáta rochtana: 2026.
- 1 2 Nuacht RTÉ (2021-07-23). "Fiosrúcháin chearta daonna faoi bhuamáil na hÓmaí molta" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-02-02). "Iar-Aire Dlí ag moladh go mbunófaí fiosrúchán faoin Ómaí anseo" (as ga-IE).
- ↑ Bhí fiosrúchán poiblí faoin uafás á éileamh ag cuid de ghaolta na marbh le blianta fada.
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (5 Eanáir 2025). "Riar na córa agus oidhreacht na dTrioblóidí i lár an aonaigh arís" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-01-05.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-07-30). "Tús le réamhéisteacht faoi bhuamáil na hÓmaí" (as ga-IE).
- ↑ Ailbhe Ó Monacháin / Nuacht RTÉ (2025-02-03). "Gaolta ag tabhairt fianaise ag fiosrúchán na hÓmaí" (as ga-IE).
- ↑ RnaG/ Nuacht a hAon (16 Aibreán 25 •). "Antóin Mac Cába : Saor-iriseoir ar an Ómaigh." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2026-04-12.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-02-02). "Iar-Aire Dlí ag moladh go mbunófaí fiosrúchán faoin Ómaí anseo" (as ga-IE).
- 1 2 Jack Mac Íomhair (2026-04-10). "Costas níos mó na £11 milliún caite ar fhiosrúchán bhuama na hÓmaí" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2026-04-12.
