Buamáil Rose & Crown (1974)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtBuamáil Rose & Crown
Íomhá
Map
 54°35′06″N 5°55′22″W / 54.5850054°N 5.9228835°W / 54.5850054; -5.9228835
Cineálionsaí buamála Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana2 Bealtaine 1974 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhBéal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Líon básanna6 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe18 Cuir in eagar ar Wikidata

Phléasc ceanastarbhuama ag an teach tábhairne, Rose & Crown, ar 2 Bealtaine 1974 i mBéal Feirste. Maraíodh seisear agus gortaíodh 18 eile, cuid acu go holc.[1] Tá an Rose & Crown suite ag 140 Bóthar Ormeau (agus fós ann inniu).

Ciontaíodh beirt níos déanaí, déagóirí in aois 16 dóibh ag an am. Dúradh leo ionsaí a dhéanamh ar Chaitlicigh; ghoid siad carr, tugadh buama dóibh agus chaith siad é isteach sa Rose & Crown.[2] Níor rugadh an té a phleanáil an bhuamáil.

Ar an lá céanna, rinne an tIRA ionsaí ar bheairic UDR i gContae Thír Eoghain. Maraíodh bean, Eva Martin (28), ball den UDR.[3]

The Rose & Crown (2009)

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tharla ionsaí buamála ar an Rose and Crown i Samhain 1973, ar 17 Bealtaine 1974.

Fuath seicteach, go príomha, a bhí taobh thiar den ionsaí sa bhliain 1974. Bhí feidhmeannas comhroinnte cumhachta (Comhaontú Sunningdale) i gcumhacht san am sin. Bhí na dílseoirí glan ina haghaidh agus an teannas ag cur thar maoil i mBéal Feirste.

Mharaigh an UVF / Drong Ghleann Anna cúigear Caitliceach eile ar 7/8 Bealtaine.

Tharla Buamálacha Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin coicís níos déanaí, ar 17 Bealtaine 1974.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Firefighters of Belfast: A canister bomb exploded immediately, killing six" (en-GB). belfasttelegraph. Dáta rochtana: 2022-05-02.
  2. "Who in the UVF ordered my father's killing?" (en-GB). belfasttelegraph. Dáta rochtana: 2022-05-02.
  3. belfastchildis. "2nd May Deaths in the troubles – Belfast Child" (en). Belfast Child. Dáta rochtana: 2022-05-03.