Idirnáisiúntas Sóisialach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá san Idirnáisiúntas Sóisialach (nó IS) ná eagraíocht idirnáisiúnta de pháirtithe polaitíochta a sheasann don daonlathas sóisialach agus don tsóisialachas daonlathach. Tá foireann rúnaíochta an Idirnáisiúntais lonnaithe i Londain. I measc a chuid ballpháirtithe tá Páirtí Lucht Oibre na Breataine Móire, Páirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre (Tuaisceart Éireann), Páirtí Lucht Oibre Phoblacht na hÉireann, Páirtí Sóisialta Daonlathach na Gearmáine, Sóisialaigh Dhaonlathacha na Stát Aontaithe, Páirtí Lucht Oibre na hAstráile, Páirtí Nua Daonlathach Cheanada, agus go leor eile.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Téann stair an Idirnáisiúntais Shóisialaigh ar ais go dtí bunú an Dara hIdirnáisiúntas, sa bhliain 1889. Tháinig scoilt ar an Idirnáisiúntas seo nuair a phléasc an Chéad Chogadh Domhanda amach, agus hathbhunaíodh, mar Idirnáisiúntas na Sóisialach agus an Lucht Oibre, sa bhliain 1923 é. Le linn an Dara Cogadh Domhanda, cuireadh cuid mhaith de bhallpháirtithe an Idirnáisiúntais seo faoi chois, agus tháinig sé le chéile arís i ndiaidh an chogaidh. Ba ansin a fuair sé an t-ainm atá ar an eagraíocht inniu.

Giorgos Papandreou

Sna blianta i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, chuidigh an tIdirnáisiúntas Sóisialach le bunú nó athbhunú páirtithe daonlathacha sóisialacha i dtíortha a bhí ag teacht chucu arís i ndiaidh tréimhse fhada a chaitheamh ina ndeachtóireachtaí, ar nós na Portaingéile agus na Spáinne. Sna hochtóidí, bhí cuid mhór de bhallpháirtithe an Idirnáisiúntais ag tacú leis na Saindinistithe i Nicearagua, agus an páirtí seo i ndiaidh naimhdeas na Stát Aontaithe a tharraingt air lena chuid polasaithe cléacha. Idir an dá linn, d'fháiltigh an tIdirnáisiúntas an páirtí Saindinistíoch mar bhallpháirtí, maille le páirtithe áirithe iar-Chumannacha, ar nós na nDaonlathach Clé ón Iodáil agus FRELIMO ó Mhósaimbíc.

Fo-bhalleagraíocht de chuid an Idirnáisiúntais Shóisialaigh is ea Páirtí na Sóisialaithe Eorpacha, is é sin, faicsean na sóisialaithe daonlathacha ar an bPairlimint Eorpach.

Sa bhliain 2006, is é Giorgos Papandreou, cathaoirleach Ghluaiseacht Pan-Heilléineach na Sóisialaithe, atá i gceannas ar an Idirnáisiúntas Sóisialach. Tháinig sé i gcomharbas ar António Guterres, an Sóisialach Portaingéalach a bhí san oifig chéanna ón mbliain 1999 ar aghaidh.

Nasc seachtrach[cuir in eagar | athraigh foinse]