Idirlíon

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Idirlín)

Is líonra ríomhairí poiblí é an tIdirlíon, a nascann líonraí ríomhaireachta ar fud an domhain ag úsáid córais theileachumarsáide phoiblí.

Seoltar sonraí mar mheascán de chomharthaí analógacha (seanaimseartha anois) agus comharthaí digiteacha thar an Idirlíon.

Caithfear seoladh uathúil a bheith ag gach ríomhaire atá ceangailte go díreach leis an Idirlíon. Tugtar an seoladh IP air seo.

Seirbhísí[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc na seirbhísí is mó a úsáidtear ar an Idirlíon, tá:

I measc na seirbhísí nach bhfuil in úsáid chomh mór sin níos mó, tá:

cinsireacht

Úsáidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc na réimsí úsáide atá ag an Idirlíon, tá:

Roghanna ceangal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bíonn roinnt roghanna ar fáil le ceangal leis an Idirlíon. Níl gach rogha ar fáil i ngach áit. I measc na roghanna atá ar fáil, tá:

  • Leathanbhanda thar an gcóras fóin nó thar xhábla: Líne Dhigiteach Rannpháirtí (DSL)
    • Úsáidtear an córas teileafóin
    • Luas ard – 1 Mbps +
    • Ceangailte i gcónaí
    • Is féidir glaonna a dhéanamh ag an am céanna
    • Móideim DSL ag teastáil
    • Níl sé ar fáil go forleathan – caithfidh tú a bheith gar don mhalartán
    • Praghas ag ísliú de bharr iomaíochta ó sholáthraithe eile leathanbhand
  • Satailít/Gan Sreang
    • Roinnt soláthraithe ag cur seirbhísí gan sreang ar fáil
    • I gceantair áirithe, an t-aon rogha a bheadh níos sciobtha ná nasc dialaithe
    • Glacadóir speisialta nó mias satailíte ag teastáil
  • Nasc Dialaithe
    • Úsáidtear an córas teileafóin
    • Luas íseal – 56 Kbps ar a mhéid
    • Bíonn moill ceangail i gceist
    • Líne teileafóin gafa leis – ní féidir glaonna a dhéanamh ag an am céanna
    • Móideim ag teastáil
    • An t-aon rogha atá ar fáil i gceantair áirithe
    • Samplaí: do chomhlacht fóin
  • Líonra Digiteach de Sheirbhísí Comhtháite (ISDN)
    • Líne ISDN (éagsúil ón líne fóin) ag teastáil
    • ar fáil go forleathan in Éirinn
    • Móideim ISDN ag teastáil
    • Luas réasúnta –
      • 64 Kbps (líne shingil)
      • 128Kbps (líne dhúbailte)
    • Níl bhíonn moill ceangail ann
    • Sách daor má bhíonn an dá líne in úsáid
aithreacha an WWW ... Robert Cailliau, Jean-François Abramatic, and Tim Berners-Lee sa bhliain 2004

Stair ghairid[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 1965 – Tosaíonn ARPA (Advanced Research Projects Agency - an Ghníomhaireacht um Tionscadail Forbartha Taighdear) ar an ARPANET a fhorbairt
  • 1969 – Déantar an céad 4 óstach a cheangal le ARPANET: Stanford Research Institute, UCLA, UC Santa Barbara agus University of Utah
  • 1971 – 23 óstach ar ARPANET
  • 1973 – Ceanglaítear roinnt óstaigh i dtíortha eile
  • 1974 – Deartar TCP/IP le húsáid ar ARPANET
  • 1981 – 213 óstach ar ARPANET. Breis líonraí neamhspleácha á cheangal. Cruthaíonn NSF (National Science Foundation) a líonra fairsing fhéin nach raibh ceangailte le ARPANET
  • 1982 – An téarma "Internet" luaite don chéad uair
  • 1983 – TCP/IP in úsáid go caighdeánach
  • 1986 – ARPANET agus NFSNET ceangailte
  • 1987 – Breis agus 10,000 óstach ar an Idirlíon
  • 1989 – Breis agus 100,000 óstach ar an Idirlíon
  • 1992 – An WWW scaoilte ag CERN

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]