Seoladh IP

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é is seoladh IP ("seoladh prótacal idirlín") ann ná seoladh uathúil a mbaineann gléasanna áirithe leictreonacha úsáid as lena chéile a aithint agus le cumarsáid a dhéanamh le chéile i ngréasán ríomhairí atá ag oibriú de réir an phrótacal idirlín (IP). Tá dhá fheidhmeannas bunúsacha á gcur i gcrích le seoladh IP - aitheantas chomhéadan líonra agus seolachán suímh. Sa bhunleagan den phrótacal idirlín, IPv4, tá 4 bheart, nó 32 ghiotán i ngach seoladh IP, rud a chiallaíonn go bhfuil spás do 4,294,967,296 óstach (óstríomhaire) ar an Idirlíon. Cuirtear an seoladh IP in iúl mar cheithre fhigiúr a bhfuil poncanna eatarthu - mar shampla, "192.168.1.254". Seasann cuid den seoladh don líonra agus an chuid eile de don óstríomhaire. Úsáidtear uimhir mhasctha folíonra le haghaidh é sin a chur i bhfeidhm.

Gléas tábhachtach é an seoladh IP i ródú na ríomhairí. Faoi láthair, tá na seoltaí IP ag rith gann, agus mar sin, tá an leagan nua den phrótacal IPv6, a bhaineann úsáid as 128 ngiotán, ag teacht ar an bhfód a chuireann i bhfad níos mó seoltaí ar fáil dúinn. Rinneadh caighdeán den leagan nua seo IPv6 sa bhliain 1998 agus tá sé á scaipeadh ó lár na 2000í.