Ródú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é is ródú ann ná an próiseas ina n-aimsítear cosán trí líonra ó nód foinseach go dtí nód sprice. Tugtar ródairí ar nóid a bhíonn ag ródú. Caithfidh ródairí tábla ródúcháin a choinneáil. Stóráiltear an t-eolas seo a leanas sa tábla ródúcháin:

  • na seoltaí ar fad atá ar an líonra
  • an chéad chéim eile atá le tógáil le seoladh a shroicheadh

Tá dhá bhealach ann leis an tábla ródúcháin a nuashonrú:

  • ródú statach - gintear an tábla ródúcháin uair amháin ag an tús
  • ródú dinimiciúil - gintear agus nuashonraítear an tábla ródúcháin go rialta agus go huathoibríoch trí ródairí ag malartú eolais faoin trácht ar an líonra.

Baintear i bhfad níos mó úsáide as ródú dinimiciúil ná ródú statach mar gheall ar a sholúbthacht.