Ródaire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
ródaire croí
Sampla den chineál ródaire a úsáidtear i dtithe agus in oifigí le líonra logánta a cheangal leis an Idirlíon

Is gléas crua-earraí ríomhaireachta é ródaire a threoraíonn paicéid idir líonraí ríomhaireachta - focal eile ar an treorú seo ná ródú. Tá an-chuid ródairí éagsúla i bhfeidhm ar líonraí an domhain, cuid acu ag ródú an-chuid trácht ar líonraí móra teileachumarsáide, cuid acu ag ródú paiceád ó ríomhairí pearsanta ar líonraí pearsanta i dtithe amach ar an Idirlíon.

Geata ródairí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is minic a aimsítear ródairí beaga i dtithe agus in oifigí agus iad ag ródú paicéad ón líonra logánta san fhoirgneamh go dtí an líonra fairsing (an t-Idirlíon). Tugtar geata ródairí ar ródairí den chineál seo. Úsáideann siad aistriú seoltaí líonra (NAT i mBéarla) le ligint do na riomhairí ar fad ar an líonra an seoladh IP agus an ceangal Idirlín céanna a roinnt. Suíonn an geata seo idir an móideim leathanbhanda agus an líonra logánta nó amanna, bíonn an móideim mar chuid den ródaire.