Leathanbhanda

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is ard-ráta tharchur sonraí é rochtain Idirlín leathanbhandaleathanbhanda mar a thugtar de ghnáth air. Tugann nasc Idirlín le leathanbhanda bunráta 512kbps don úsáideoir. Tá na rátaí leathanbhanda i bhfad níos tapúla ná na rátaí a thugadh móideim nasc diailithe nó ceangail ISDN, a ofráladh ráta 56kbps nó 128kbps, ag tús an ré idirlín sna 1990í.

Is féidir an teicneolaíocht a úsáidtear chun leathbhanda a chur ar fáil a roinnt mar a leanas:

Is é atá i gceist le Líne Dhigiteach Rannpháirtí DSL nó Digital Subscriber Line as Béarla ná nasc a bhaineann úsáid as an líne gutháin atá ann cheanna. Tá dhá rogha ann chun ceangail a dhéanamh leis an líonra le DSL, líne shiméadrach lena bhfuil na rátaí uaslódála is na rátaí íoslódála den ráta céanna agus líne neamhshiméadrach, nuair is féidir ráta níos airde uaslódála a ofráil mar caitheann an gnáth-úsáideoir Idirlín níos mó ama ag uaslódáil.

Ofrálann na comhlachtaí seo a leanas seirbhís leathanbhanda baile in Éirinn:

Tá grúpa tacaíochta ann do thomhaltóirí atá ag iarraidh seirbhísí leathanbhanda in Éirinn a fheabhsú, IrelandOffline. Cuireann siad brú ar Comreg, an rialaitheoir teileachumarsáide, praghsanna níos lú a thógáil isteach trí riaileanna nua a bhunú.

Nasc seachtrach[cuir in eagar | athraigh foinse]