Eir (Teileachumarsáid)
| Sonraí | |||||
|---|---|---|---|---|---|
| Cineál | gnó fiontar telecommunication company (en) | ||||
| Foirm dlí | Teoranta | ||||
| Stair | |||||
| Dáta a bunaíodh | 6 Meán Fómhair 1999 | ||||
| Gníomhaíocht | |||||
| Táirge | telephony (en) | ||||
| Rialachas corparáideach | |||||
| Ceanncheathrú | |||||
| Duine ábhartha | Xavier Niel | ||||
| Máthaireagraíocht | Iliad (en) | ||||
| Úinéir | NJJ Holding (en) Iliad (en) | ||||
| Suíomh gréasáin | eir.ie | ||||
Is é Eircom Teoranta nó Eircom Limited[1] úinéir eircom Holdings (Ireland), an oibreoir theileachumarsáide is mó in Éirinn.[2] Cuireadh an branda 'eir' ar fáil sa bhliain 2015.[3]
Scannail
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2023, bhí pionós €2.5 milliún gearrtha ag an gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide ar Eircom Teoranta faoi rótháillí a ghearradh ar chustaiméirí an chomhlachta.Ina cheann sin, bhí sé geallta ag eir go n-aisíocfar airgead leis na custaiméirí atá thíos leis.[4]
Bhí thart ar 76,000 duine i gceist. Is custaiméirí iad seo a raibh fadhb ag baint leis an bpacáiste seirbhísí a bhí curtha ar fáil ag eir dóibh, chomh maith le custaiméirí a d'iarr deireadh a chur lena seirbhís ach ar gearradh táillí orthu i gcónaí ina ainneoin sin. Bhí sé geallta ag eir chomh maith go bhféachfar le córas billeála an chomhlachta a fheabhsú le dúil nach dtarlóidh a leithéid arís.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Dun and Bradstreet (2023). "Eircom Limited, Jersey". Dáta rochtana: 2023.
- ↑ eir.ie (2023). "Tuarascáil ráithiúil 1, 2023". Dáta rochtana: 2023.
- ↑ "eircom becomes eir as company undergoes €16m rebrand". Business & Finance. Dáta rochtana: 2023-05-18.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-05-17). "Pionós €2.45 milliún gearrtha ar eir as rótháillí" (as ga-IE).
| Is síol faoin ghnó é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |