Jump to content

Móideim

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Trealamh RíomhaireachtaMóideim

Cuir in eagar ar Wikidata
Codanna
modem port (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Móideimí.

Is gléas crua-earraí é móideim a chuireann tiontú analógach-go-digiteach agus tiontú digiteach-go-analógach i bhfeidhm. Is í an úsáid is coitianta a bhaintear as móideim ná le sonraí digiteacha ó ríomhaire pearsanta (i bhfoirm 1-anna agus 0-anna) a thiontú go dtí fuaimeanna gur féidir seoladh thar línte fóin analógacha.

Déantar móideim a thomhas go hiondúil i dtéarmaí a luas (i bhfoirm ráta giotáin). Is é 56 Kbps an luas is sciobtha gur féidir a shroichint i gcás móideim ar ghnáthlíne fóin. I gcás línte ar a bhfuil leathanbhanda ar fáil, is féidir leis an luas seo a bheith i bhfad níos airde (úsáidtear móideim éagsúil ar na línte seo).