Goibnenn mac Conaill
Cuma
Beathaisnéis | |
---|---|
Floruit | 537 |
Teaghlach | |
Duine muinteartha | Nath Í mac Fiachrach (sin-seanathair) |
Rí Uí Fhiachrach Aidhne ba ea Goibhneann mac Conaill (Sean-Ghaeilge Goibnenn mac Conaill) (beo 537[1]), an chéad rí dá mhuintir luaite sna hannála. Nath Í (bás 445), Ardrí, ba ea a shin seanathair.[2]
Sa bhliain 537, chloígh sé rí Uisnigh, Maine mac Cerbaill d'Uí Néill an Deiscirt i gCath Chlaonlocha (gar do Kinelea, Contae na Gaillimhe) agus maraíodh Maine.[3][4] Bhí Maine ag iarraidh gialla Uí Mhaine a ghabháil. Mar thoradh an catha seo, tháinig muintir Uí Mhaine faoi ghéillsine na gConnacht agus Cineál Mhaine as Tethba faoi ghéillsine Uí Néill an Deiscirt,[5] agus tháinig Uí Fhiachrach Aidhne i gceannas sna Connachta sa 7ú haois.
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Annála Uladh
- Annála Tiarnaigh
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
- Dan McCarthy, Synchronisms Curtha i gcartlann 2012-06-08 ar an Wayback Machine, Coláiste na Tríonóide.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Daniel P. McCarthy, The Chronology of the Irish Annals
- ↑ T. M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, Aguisín XXIII
- ↑ Annála Uladh, AU 538.2
- ↑ Annála Tiarnaigh, AT 537.1
- ↑ Francis J. Byrne, Irish Kings and High-Kings, lch. 92
Réamhtheachtaí as nua |
Rí Uí Fhiachrach Aidhne fl. 538 |
Comharba Cobthach mac Gabráin? |