George Francis Fitzgerald
Cuma
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 3 Lúnasa 1851 Baile Átha Cliath (Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann) |
| Bás | 21 Feabhra 1901 49 bliana d'aois Baile Átha Cliath (Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann) |
| Áit adhlactha | Reilig Chnocán Iaróm, C020/021-07953 53° 19′ 33″ N, 6° 17′ 01″ O / 53.325786°N,6.283632°W |
| Ollamh le Fealsúnacht Nádúrtha agus Turgnamhach Erasmus Smith | |
| 1881 – 1901 ← John Leslie – William Thrift → | |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (1867–1871) |
| Céim acadúil | ollamh |
| Gníomhaíocht | |
| Réimse oibre | Fisic |
| Gairm | fisiceoir, múinteoir ollscoile |
| Fostóir | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (1877–1901) |
| Ball de | |
| Teangacha | Béarla |
| Saothar | |
Saothar suntasach
| |
| Teaghlach | |
| Athair | William Fitzgerald agus Anne Stoney |
| Duine muinteartha | George Johnstone Stoney (uncail) John Hewitt Jellett (en) |
Gradam a fuarthas
| |
Fisiceoir turgnamhach a saolaíodh i mBaile na Manach, Baile Átha Cliath ab ea George Francis Fitzgerald (1851-1901). Rinne sé taighde ar optaic is leictridinimic. Réamhinis sé go nginfeadh sruth ailtéarnach i sreang tonnta leictreamaighnéadacha sa timpeallacht, rud a chruthaigh Hertz go turgnamhach i 1888. D'eascair teileagrafaíocht, raidió, teilifís, teileafóin iniompartha, teileachumarsáid, loingseoireacht le satailítí, agus a lán eile as seo. Neamhspleách ar Lorentz, chonchlúidigh sé go mbíonn an chuma ar réad atá faoi ghluaisne go bhfuil sé craptha is níos giorra do bhreathnadóir fosaithe: giorrú Fitzgerald-Lorentz. Níos déanaí, bhain Einstein feidhm as an léargas seo ina theoiric choibhneasachta speisialta.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "George Francis Fitzgerald". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 275.
| Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |