Jump to content

Geamaireacht na Taibhdheirce

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ealaíona TaibhiúcháinGeamaireacht na Taibhdheirce
Cineálócáid bhliantúil Cuir in eagar ar Wikidata

Cuirtear geamaireacht ar siúl gach bliain i Mí na Nollag sa Taibhdhearc, amharclann náisiúnta na Gaeilge.[1]

Is ócáid "don teaghlach ar fad" í a tharraingíonn "pobal na Gaeilge le chéile" gach bliain. Níor leasc leis an aisteoir aitheanta Diarmuid de Faoite a rá, tráth a bhí sé ina aisteoir ann, gurb "ionann an Gheamaireacht agus an Nollaig. Seo í mo Nollaig-se".[1][2]

I measc na n-aisteoirí aitheanta eile atá tar éis páirt a ghlacadh i ngeamaireacht na Taibhdheirce tá Aindrias de Staic, Mairéad Ní Chonghaile agus Hilary Bowen Walsh.[1]

Léiriúcháin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Fathach Leithleasach – bunaithe ar scéal de chuid Oscar Wilde, cothrom 125 bliain ó fuair an drámadóir mór bás, arna aistriú go Gaeilge ag Brídín Ní Dhonnchadha agus á stiúradh ag Muireann Kelly, Stiúrthóir Ealaíne na Taibhdheirce. Bhí Eoin Ó Dubhghaill, Orlaithe Ní Chearra agus Séamus Hughes i measc an chléir. Bhí roinnt léirithe comhtháite comharthaíochta ar fáil maille le fotheidil i nGaeilge agus i mBéarla tríd na haipe Sibrwd. Bhí sé ar siúl ón 2ú–19ú Nollaig.[3][4][5][6] Bhí an tUachtarán Catherine Connolly i láthair lena fheiceáil.[7][5][8]

Fionn sa Spás – "tugann an leagan is deireanaí seo den scéal ón mbéaloideas scéal Fhionn Mac Cumhaill ó ‘na cianta ó shin’ go dtí an cianspás." Bhí an gheamaireacht fhicsean eolaíochta seo ar siúl ó 5ú go 21ú Nollaig.[9][10][11]

Fionn agus Clochán an Aifir[12][13]

Fionn agus an Bradán Feasa[14]

Jeaicí agus an Fathach Mór Dána[15]

An Dara Réalt – Leagan de scéal iomráiteach Peter Pan[1]

Idir na 1950idí agus 1970idí, scríobhadh Máire Stafford geamaireachtaí don Taibhdhearc a bhíodh cáil mhór orthu, agus a léiríodh Seán Stafford, i meas "na scórtha" léiriúchán eile. Lánúin mór i saol na n-ealaíon i nGaillimh a thug tacaíocht agus spreagadh do "na céadta aisteoirí, scríbhneoirí agus léiritheoirí" eile.[16][17]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 3 4 "‘Domsa, is ionann an Gheamaireacht agus an Nollaig’ – Diarmuid de Faoite". Tuairisc.ie (2019-12-17). Dáta rochtana: 2024-12-01.
  2. Sheila Ní Bheaglaoich (2018-10-26). "Taibhdhearc @90 - Scéal agus Stair na Taibhdheirce". Galway Daily. Dáta rochtana: 2024-12-01.
  3. Bridget Bhreathnach (2025-11-14). "Máirtín Ó Cadhain agus an Bhriotáinis, Féile Liteartha Chorca Dhuibhne, Scoil Cheoil an Earraigh ar TG4". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-11-16.
  4. "An Fathach Leithleach". Taibhdhearc. Dáta rochtana: 2025-11-16.
  5. 1 2 Kate Demolder (10 Nollaig 2025). "Teachtaireachtaí don lá inniu i scéal Wilde faoin fhathach". Seachtain: lch 13.
  6. Bridget Bhreathnach (2025-12-12). "Clinic leabhar do pháistí i gcaifé POTA, An Fathach Leithleasach sa Taibhdhearc, Sceideal na Nollag fógartha ag TG4 agus Cúla4". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-12-13.
  7. Oifig Uachtarán na hÉireann. "An tUachtarán Ó Conghaile i láthair ag oíche oscailte ‘An Fathach Leithleasach’". president.ie. Dáta rochtana: 2025-12-07.
  8. "Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, i láthair ag léiriú na Nollag den dráma An Fathach Leithleasach sa Taibhdhearc" (19 Nollaig 2025). An Páipéar (Eagrán 60).
  9. Bridget Bhreathnach (2024-11-22). "CULTÚR: Cogar sa Daingean, Podchraolta is Closleabhair nua, Amhráin do leanaí, Geamaireacht sa Taibhdhearc". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-12-01.
  10. "Scéal, Scéal, Scéal… 222 – Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga CTR" (28-11-2024). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-12-03. Dáta rochtana: 2024-12-01.
  11. "Fionn sa Spás". An Taibhdhearc (2024-12-05). Dáta rochtana: 2024-12-01.[nasc briste go buan]
  12. Sadhbh Clancy (2023-12-03). "Am Nollaig i nGaillimh". Student Independent News. Dáta rochtana: 2024-12-01.
  13. "Fionn agus Clochán an Aifir". Taibhdhearc (2023-12-07). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-12-07. Dáta rochtana: 2024-12-01.
  14. "Fionn agus an Bradán Feasa". Taibhdhearc (2022-12-07). Dáta rochtana: 2024-12-01.[nasc briste go buan]
  15. "Jeaicí agus an Fathach Mór Dána". Taibhdhearc (2021-12-09). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-12-02. Dáta rochtana: 2024-12-01.
  16. "‘Laoch mór i gcultúr na Gaeilge agus na tíre ar lár’ – an fear amharclainne Seán Stafford ar shlí na fírinne". Tuairisc.ie (2020-08-26). Dáta rochtana: 2024-12-01.
  17. Maitiú Ó Coimín (2020-08-26). "‘Réabhlóidí cultúir chathair na Gaillimhe’ ar shlí na fírinne". NÓS. Dáta rochtana: 2024-12-01.