Jump to content

Hilary Bowen-Walsh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaHilary Bowen-Walsh
Beathaisnéis
BreithBaile Easa Dara Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmaisteoir, stiúrthóir, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Ghaeilge, Béarla agus an Fhraincis

IMDB: nm7202855 Cuir in eagar ar Wikidata

Is aisteoir, stiúrthóir agus scríbhneoir í Hilary Bowen-Walsh.[1][2]

D'fhás Hilary Bowen-Walsh i mBaile Easa Dara, Contae Sligeach.

Bhí suim ag Hilary i gcúrsaí amharclannaíochta ó bhí sí an-óg. Is cuimhin léi a céad ról ar stáitse, páirt na caillí i léiriú den scéal Sneachta Bán ar ghlac sí páirt ann agus í ina dalta réamhscoile. D’fhás a suim i ndrámaíocht na Gaeilge agus í ag staidéar do bhunchéim san amharclannaíocht agus sa drámaíocht i gColáiste na hOllscoile Corcaigh, áit a raibh sí an-ghníomhach leis an gCumann Drámaíochta.[3]

I measc na saothar amharclainne a luaitear lena hainm tá ‘Mise, Mollser’ (Amharclann na Mainistreach, 2020-2021), ‘The Travels of Jonathan Swift’ (Best Ensemble, Irish Times Theatre Awards 2020), ‘Amazing Grace’ (Mumbro Top), I am BABA (Anna Newell, Amharclann an Gheata), agus ‘Sruth na Teanga’ (Branar), Ar Snámh, 2024.[4]

I measc na saothar físe a luaitear lena hainm tá ‘Clean Sweep’ (RTÉ, Shinawil), ‘Resistance’ (RTÉ), ‘Jack Taylor’ (Telegael), ‘Bonsoir Luna’ (Féile Scannán Cannes), agus ‘Tír na nÓg’ (RTÉJr).

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Hilary Bowen-Walsh". alexcusackmanagement.com. Dáta rochtana: 2024-10-17.
  2. BlocTG4 (2018-09-23). "DMC le Hilary Bowen-Walsh | BLOC". 
  3. Bridget Bhreathnach (17 Deireadh Fómhair 2024). "‘Beagnach trí thimpiste, tugadh an post mar reachtaire ar chumann drámaíochta na Gaeilge dom’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-10-17.
  4. "Ar Snámh" (en-GB). Smashing Times. Dáta rochtana: 2024-10-17.