Telegael

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaTelegael
Sonraí
Cineálcomhlacht léiriúcháin teilifíse Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1988

Suíomh gréasáintelegael.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: co0035308 Cuir in eagar ar Wikidata

Is comhlacht teilifíse é Telegael, atá lonnaithe sa Spidéal, Conamara. Bunaíodh an comhlacht chun scileanna teilifíse a chothú i measc cainteoirí Gaeilge agus chun a thaispeáint go bhféadfaí tionscal teilifíse Gaeilge a chur ar bun. Tá Telegael ar cheann de na grúpaí teilifíse agus meáin nua is mó atá chun tosaigh in Éirinn.

San áireamh i ngníomhaíochtaí an chomhlachta tá léiriú cláir, maoiniú cláir, soláthar áiseanna léiriúcháin agus iarléirithe, craoladh seachtrach digiteach, beochan agus fotheidealú. Sa bhreis ar na léiriúcháin do mhargadh na hÉireann, oibríonn Telegael le roinnt comhpháirtithe léiriúcháin idirnáisiúnta i bhforbairt, léiriú agus maoiniú cláir agus beochan teilifíse don mhargadh idirnáisiúnta.

Gnó agus fostaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Telegael ag forbairt réimse mór tionscnamh; beochan, fáisnéis, dráma agus príomhscannáin san áireamh. Oibríonn Telegael i gcomhpháirtíocht le léirtheoirí, le craoltóirí agus daileoirí idirnáisiúnta móra le rá chun cláir d’ardchaighdeán a mhaoinú agus a chomhléiriú don mhargadh teilifíse domhanda. Le deich mbliana anuas (2000), tá comhléiriú ag Telegael ar os cionn 40 tionscnamh don mhargadh idirnáisinta. Bíonn léiriúchán beoghnímh agus beochana ar bun ag Telegael chomh maith le maoiniú tionscnaimh, stiúideo ilcheamaraí agus obair iarléiriúcháin.

Is triúr a bhí fostaithe sa chomhlacht nuair a bunaíodh ar dtús é agus inniu tá ar an meán caoga duine fostaithe go lánaimseartha. Earcaítear daoine breise go páirt-aimseartha nó go séasúrach de réir mar is gá

Aitheantas agus duaiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá cáil idirnáisiúnta bainte amach ag an gcomhlacht mar athghuthathóir agus críochnóir físe.

Thug clár Telegael a choimisiúnaigh TG4 mórdhuais leis ag Féile na Meán Ceilteach 2008. Bronnadh an Torc don Chlár Páistí ar eagrán ón dara séasúr den sraithdhráma Aifric [1].

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhunaigh Pól Ó Cuimín an comhlacht Telegael Teo in 1988, le tacaíocht ó RTÉ agus ó Údarás na Gaeltachta, mar chéim straitéiseach a bhí dírithe ar fhorbairt na hearnála chlosamhairc sa Ghaeltacht.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]