GAIA
Coincheap nó hipitéis ina samhlaítear an Domhan iomlán ina orgánach a mhionathraíonn a chomhshaol féin chun coimeád ina staid bharrmhaith. Is é GAIA an fororgánach seo de réir an choincheap, ar chuir an t-eolaí Sasanach James Lovelock síos air den chéad uair ina leabhar GAIA: A New Look at Life on Earth (GAIA: Léargas Nua ar an mBeatha ar Domhan, 1979). Bhunaigh Lovelock an coincheap ar gheolaíocht, geoicheimic, bitheolaíocht éabhlóideach, is aeráideolaíocht, agus phléigh sé na bealaí rialaithe siarchothaithe ina n-idiroibríonn na páirteanna éagsúla den Domhan óna chroíleacán amach go barr an atmaisféir. Tagann éiceolaíocht go mór san áireamh freisin. Mar sin féin, ní ghlactar leis an gcoincheap i measc eolaithe, ach i méid bheag, de bhrí go réamhinsíonn an hipitéis seo go sroichfidh an Domhan staid bharrmhaith, is cuma pé drochiarmhairt a imrítear air, rud nach bhfuil inghlactha ó thaobh eolaíochta ná staire de.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |