Fosfar
Substaint cheimiceach | dúil cheimiceach agus dúil litifileach |
---|---|
Fosfar sa tábla peiriadach | |
Siombail cheimiceach | P |
Uimhir adamhach | 15 |
Mais adamhach | 30.973761998 |
Cumraíocht leictreon | 1s² 2s² 2p⁶ 3s² 3p³ agus [Ne] 3s² 3p³ |
Peiriad, Grúpa | peiread 3 grúpa 15 |
Airíonna fisiceacha | |
Dlús | kg/m⁻³ |
Leictridhiúltacht | 2.19 |
Ga ianach | 0.17 agus 0.38 |
Stair | |
Aimsitheoir | Hennig Brand |
Fionnachtain | 1669 |
Eapainm | Phosphorus (en) |
Is é an fosfar dúil cheimiceach uimhir a cúig déag.. Tá sé 30.973762 g/mol ar mheáchan adamhach, agus is é P an tsiombail cheimiceach. Neamh-mhiotal é an fosfar a bhfuil a lán allatróp éagsúil aige. Bíonn an fosfar coitianta go leor sa dúlra, ós fosfáití iad a lán cineálacha cloiche. Tugtar fosfaracht nó fosfaraíocht ar an méarnáil a thagann i substaintí áirithe agus iad tar éis solas nó radaíocht a shú isteach, ach le fírinne, ní fosfaracht den chineál seo atá i gceist le méarnáil an fhosfair bháin, ach ceimealonracht. Is é sin, tá imoibriú ceimiceach ar siúl idir an fosfar agus ocsaigin an aeir - tá an fosfar bán á dhó os íseal, ag déanamh cráindó - agus is é an t-imoibriú sin is cúis leis an loinnir.
Aithnítear a lán iseatóp radaighníomhach ag an bhfosfar, ach is é 31P an t-aon cheann cobhsaí atá aige, agus dá réir sin níl ach iarsmaí d'iseatóip eile le haithint i bhfosfar an dúlra. Is iad an dá raidiseatóp is cobhsaí ná 32P (leathré: 14.268 lá) agus 33P (leathré: 25.34 lá).
Tá an fosfar an-araiciseach chun imoibriú a dhéanamh, agus mar sin, ní fhaightear ina dhúil é sa dúlra. Tá ról tábhachtach aige sa bhitheolaíocht, agus teacht air san aigéad dí-ocsairibeanúicléasach, san aigéad ribeanúicléasach, sa trífhosfáit adanóisín, sna fosfailipidí agus i gcuid mhaith substaintí bithcheimiceacha eile. Úsáidtear fosfar i leasú talún, i dtaos fiacla, i gcipíní, i néargháis, i dtine ealaíne, i bhfeithidicídí agus i nglantaigh.
Ba é an t-ailceimiceoir Gearmánach Hennig Brandt a d'aonraigh an fosfar bán an chéad uair sa bhliain 1669, nuair a bhí sé ag iarraidh órchloch a dhéanamh as a chuid múin féin.
Amach ón bhfosfar bán, tá roinnt allatróp eile ag an dúil seo. Tá an fosfar bán comhdhéanta as móilíní ceithre adamh, P4, agus is iad na móilíní seo atá le fáil san fhosfar ghásaithe chomh maith, ach titfidh siad as a chéile go móilíní dé-adamhacha P2. Nimh atá san fhosfar bhán, ós rud é go bhfuil sé an-araiciseach chun imoibriú a dhéanamh. Maidir leis an bhfosfar dearg, tá sé comhdhéanta as slabhraí fada polaiméireacha. Is féidir fosfar dearg a fháil tríd an bhfosfar bán a théamh suas go 250 °C. Ar dtús, gheofar fosfar dearg dímhorfach, ach ansin, má choinnítear ag téamh an fhosfair, tiocfaidh struchtúr criostalta ann.
Tá na fisiceoirí in ann trí iseatóp is fiche a aithint ag an bhfosfar, ach is é fosfar a 31 an t-aon cheann atá cobhsaí. Mar sin, is é an t-aon iseatóp amháin atá ar fáil sa dúlra.
Tá an fosfar saibhir in ocsaigéad éagsúla. Seo iad na cinn is tábhachtaí:
An Staid Ocsaídiúcháin | An Fhoirmle | An tAinm | Prótóin Aigéadacha | Comhdhúile |
---|---|---|---|---|
+1 | HH2PO2 | Aigéad hipeafosfarúil | 1 (tabhair faoi deara go bhfuil dhá adamh hidrigine nasctha den adamh fosfair go díreach, gan aon adamh ocsaigine eatarthu - mar sin ní féidir leo prótalú a dhéanamh) |
aigéad, salainn |
+3 | H2HPO3 | Aigéad fosfarúil | 2 (tá an tríú hadamh hidrigine nasctha go díreach den adamh fosfair agus ní féidir leis prótalú a dhéanamh |
aigéad, salainn |
+3 | HPO2 | Aigéad meiteafosfarúil | 1 | salainn |
+3 | H3PO3 | Aigéad ortafosfarúil | 3 | aigéad, salainn |
+5 | (HPO3)n | Aigéad meiteafosfarach | n | salainn (n=3,4,6) |
+5 | H(HPO3)nOH | Aigéad polafosfarach | n+2 | aigéad, salainn (n=1-6) |
+5 | H5P3O10 | Aigéad trípholafosfarach | 3 | salainn |
+5 | H4P2O7 | Aigéad pireafosfarach | 4 | aigéad, salainn |
+5 | H3PO4 | Aigéad fosfarach sa chiall chúng, aigéad ortafosfarach | 3 | aigéad, salainn |
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol faoin substaint cheimiceach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |