Jump to content

Flaithbheartach mac Ionúin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaFlaithbheartach mac Ionúin
Beathaisnéis
Breith9 haois
Bás944
Rí na Mumhan
914 – 922
← Cormac mac CuileannáinLorcán mac Coinlígáin →
Ab
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairm, duine rialta Cuir in eagar ar Wikidata

Rí Mumhan agus abb Inis Cathaigh ba ea Flaithbheartach mac Ionúin (Meán-Ghaeilge Flaithbertach mac Inmainén (bás 944). Ba bhall desna Múscraí, dream na nÉarann, ba ea Flaithbheartach, agus ní desna hEoghanachta a bhíodh de ghnáth i gceannas sa Mhumhain.

Cath Belach Mugna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Feictear Flaithbheartach don chéad uair sna hannála Éireann don bhliain 907, nuair a chuaigh seisean agus rí Mumhan Cormac mac Cuileannáin ar feachtas in éadan na gConnacht agus Uí Néill. De réir Annála Inis Faithlinn ar son na Mumhan, chloígh Cormac agus Flaithbheartach an tArdrí, Flann Sionna, agus ghabh níos deireanaí gialla ó mhuintir Uí Néill. Ní dhéanann Annála Uladh an tuaiscirt lua ar bith ar an eachtra seo.[1][2][3][4]

Sa bhliain 908, cruinníodh arm ag Cormac agus a phríomhchomhairleoir agus abb Inis Cathaigh, Flaithbheartach mac Ionúinín, in aghaidh na Laigin, a raibh a rí Cearbhall mac Muireacáin ina mac chéile agus chomhghuaillí buan Fhlainn Sionna. Tá mionchuntas ar an eachtra seo, le fáil i nAnnála Easpacha na hÉireann, tiomsaithe san 11ú haois, scríofa b'fhéidir le cuimhne na ndaoine, ar son Dhonnchadha mhic Giolla Pádraig, rí Osraí agus na Laigean.[5]

Agus Flaithbheartach ag marcaíocht trí champa an airm, thuisligh a chapall agus chaith é chun talaimh. Ní raibh de mhisneach ag fir na Mumhan de dheasca an drochthuar seo. Agus an scéala seo ar an eolas aige, mhol Cearbhall socrú idirbheartaithe. D'íocfadh na Laigin cáin agus ghéillfidís gialla, ach thógfaí na gialla do Móenachem, abb Dhíseart Diarmada. Bhí Cormac sásta é seo a glacadh, ach sásta ní raibh Flaithbheartach — 'saoi oilc' Chormaic.[6] D'áitigh sé ar Chormac troid, in ainneoin chreideamh an rí go marófaí é.[7][8][9]

De bharr seo, agus an scéala go raibh Flann agus Uí Néill tagtha chun tacú le Cearbhall, tharla tréigean as arm Chormaic, ach chuaigh sé chun catha mar sin féin. Bhuail sé le Cearbhall agus Flann ag Bealach Múna. Insítear i nAnnála Easpacha: "as ettreabhair anorduightheach dno tangattar fir Mumhan dochum an chatha". Ba ghearr gur imigh siad ag líne agus theith an fód. Maraíodh go leor acu, Cormac ina measc, óir gur briseadh a mhuinéal tar éis dó titim dá chapall. Gabhadh Flaithbheartach.[10][11][12][13][14][15]

Cill Dara agus Caiseal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tógadh Flaithbheartach go Cill Dara, áit a coinníodh i ngéibheann é go dtí bás Chearbhall mhic Mhuireacáin sa bhliain 909. Insítear i nAnnála Easpacha gur cáineadh go géar Flaithbheartach ag cléirigh na Laighean, faoi cheannas máthairab Chill Dara, Muireann ní Shuairt, as ucht a chion déanta aige i mbás Chormaic naofa:

Na n-earbailt aroile scoluighe Laighneach d'ulc ra Flaithbeartach, as nár re a innsin, & ní cóir a scribheann.
An t-olc adúirt scoláirí áirithe na Laighean faoi Flaithbheartach, is náireach a insint agus ní cóir a scríobh.[16][17][18]

Is amhlaidh go raibh idir-ríocht ann sa Mhumhain idir bás Chormaic agus an bhliain 914, nuair a insítear i nAnnála Inis Faithlinn agus Annála Easpacha go ndearnadh rí d'Fhlaithbheartach. Moltar gurbh ionadaithe comhréiteachta iad ríthe na gcléireach, Flaithbertach agus Cormac san áireamh, maraon le not the only such, an earlier abbot of Inis Cathaig, Ólchúr mac Flainn, abb Inis Chárthaigh, agus Ólchobar mac Cináeda, abb Imligh. Ba bhaill de theaghlaigh neamhthábhachtacha go minic iad na ríthe úd. Dar le Byrne, na bhall desna Múscraí é Flaithbheartach.[19][20][21]

Ní féidir ach oiread beag a rá go cruinn maidir le réimeas Fhlaithbertaigh. Bhí na Lochlannaigh an-ghníomhacha i n-iardeisceart na tíre le linn an ama.[22] Is amhrasach é go raibh sé fós ina rí nuair a fuair sé bás sa bhliain 944.[23][24][25] Meastar gur éirigh sé as a choróin sa bhliain 922, agus gur tháinig Lorcán mac Coinlígáin d'Eoghanachta Chaisil i gcomharbacht air.[26] Deirtear i nAnnála na gCeithre Máistrí go ndeachaigh sé ar oilithreacht.[27][28] Sa bhliain 923, gabhadh Flaithbheartach gar do Ros Cré ag Lochlannaigh as Luimneach, cé gur léir é gur scaoileadh saor é níos deireanaí.[29]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Le haghaidh bunúis na hanála Éireann, féach Hughes, Early Christian Ireland, agus a gclaonadh sa 9ú agus 10ú haoiseanna, ll. 135–137.
  2. Russell, "Cormac"; fuair Cormac agus Flaithbertach gialla.
  3. Annála Inis Faithlinn, AI 907.3 & 907.4
  4. Annála na gCeithre Máistrí, ACM 902.6 & 902.7.
  5. Wiley, "Cath Belaig Mugna".
  6. Byrne, Irish Kings, lch. 214
  7. Wiley, "Cath Belaig Mugna"
  8. Russell "Cormac"
  9. Annála Easpacha na hÉireann, FA 423.
  10. Wiley, "Cath Belaig Mugna"
  11. Russell "Cormac"
  12. FA 423
  13. Annála Uladh, AU 908.3
  14. AI 908.2
  15. ACM 903.7.
  16. Wiley, "Cath Belaig Mugna"
  17. FA 423
  18. Breathnach, "Abbesses", ll. 116–117.
  19. Byrne, Irish Kings, ll. 213–215.
  20. AI 914.1
  21. FA 457.
  22. Downham, Viking Kings, ll. 36–38.
  23. AU 944.1
  24. ACM 942.5
  25. AI 944.1.
  26. Byrne, Irish Kings, ll. 204 & 278.
  27. ACM 920.33
  28. don oilithreacht, féach Bhreathnach, ll. 121–124. Ní hionann seo agus gur fhág sé an tír
  29. Downham, Viking Kings, lch. 36.